Póstaeir don Naíonra

Aug 27, 2020

Póstaeir don Naíonra

Tá sraith nua de phóstaeir foghlamtha curtha le chéile ag Gaeloideachas le cabhrú le Gaeilge sa naíonra!

Is féidir na póstaeir seo a fháil ón leathanach do naíonraí ar ár suíomh anseo. Tá siad thar a bheith tarraingteach agus soiléir le crochadh ar an mballa sa seomra naíonra le téarmaí bunúsacha Gaeilge a mhúineadh do pháistí. Tá siad saor in aisce le híoslódáil.

Coinnígí súil amach do bhreis póstaer ar an leathanach céanna as seo amach! Ná déanaigí dearmad go bhfuil acmhainní, comhairle agus tacaíocht ar fáil ar shuíomh eile Gaeloideachas – “Gaeilge don Naíonra” www.gaeilgedonnaionra.ie