PREAS RÁITEAS: Cruinniú Ginearálta Bliantúil
Rúin, Riachtanais agus Mianta na Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta á bplé ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas
Tionólfar Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas ar an Déardaoin 11 Feabhra chun guth a thabhairt do na scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta labhairt ar na rúin agus ar na saincheisteanna is mó atá ag dó na geirbe dóibh le tamall anuas. Feidhmeoidh Gaeloideachas de réir na rúin a ghlacfar agus beidh siad lárnach dá clár oibre agus dá cuid tosaíochtaí don bhliain romhainn.
Cuimsíonn na rúin a bheidh á moladh saincheisteanna a bhfuil tionchar mór acu ar an earnáil Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ina measc – an painéal ionadaíochta; polasaí náisiúnta don oideachas Lán-Ghaeilge; na seirbhísí síceolaíochta san earnáil; forbairtí riachtanacha sa réimse oideachas speisialta; sonraíochtaí nua T1 & T2 na hArdteiste; polasaí i leith na n-aonad lán-Ghaeilge/scoileanna nua; polasaí iontrála do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus cúrsaí oiliúna 3ú leibhéal do mhúinteoirí.
Deir Uachtarán na hEagraíochta, Seán Ó hArgáin, “ar nós go leor eagraíochtaí bhí bliain dhúshlánach ag Gaeloideachas agus sinn ag feidhmiú sna srianta atá i réim, agus ag déanamh ár ndícheall ag an am céanna tacú lenár gcuid spriocghrúpaí – idir dhaltaí, mhúinteoirí agus thuismitheoirí. Cé go raibh dúshláin ann bhí bliain an-tairbheach ag an eagraíocht mar gur cuireadh leibhéal ard eolais, ábhair, comhairle agus tacaíochta ar fáil d’ár spriocghrúpaí agus tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil ballraíocht na heagraíochta níos airde i mbliana dá réir ná mar a bhí riamh.”
Anuas ar na rúin a rithfear, tabharfar achoimre ar obair na heagraíochta sa bhliain agus toghfar bord stiúrtha nua Gaeloideachas. Bígí linn don ócáid stairiúil fíorúil!
Tá fáilte roimh chuile dhuine freastal ar an gCruinniú Ginearálta Bliantúil, ach clárú roimh 12.00, 9 Feabhra ar www.gaeloideachas.ie
Nótaí breise.
Reáchtálfar an cruinniú idir 5 – 6.30i.n. sa tráthnóna, 11 Feabhra ar zoom.
Teagmháil
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach blathnaid@gaeloideachas.ie
Seán Ó hArgáin, Uachtarán uachtaran@gaeloideachas.ie
Anna Ní Chartúir, OCP ocp@gaeloideachas.ie