Preasráiteas: Athoscailt Scoileanna

Jul 29, 2020

39978330124 0b19d78bab o

Treochlár chun filleadh Sábháilte na Scoileanna a éascú ó Pheirspictíocht na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh fhoilsiú an Treorchláir chun filleadh sábháilte na scoileanna a éascú agus roimh an bpacáiste tacaíochta do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna chun iad a chumasú filleadh go sábháilte sa téarma nua.

Le mí le dul roimh athoscailt na scoileanna don scoilbhliain nua, tá dúshláin shuntasacha le sárú ag scoileanna agus ag na húdaráis Stáit chun go mbeidh an t-infreastruchtúr riachtanach ann a éascóidh an feidhmiú praiticiúil ag leibhéal na scoile ag tógáil gach prótacal sláinte agus sábháilteachta san áireamh.

Ó pheirspictíocht na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, feictear do Gaeloideachas gur liosta le háireamh iad na dúshláin sa mbreis a bheidh ann. Áirítear mar phríomhdhúshláin:-

  • Inniúlacht na múinteoirí breise / ionadaithe le teagasc i mbunscoil nó in iar-bhunscoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta ó thaobh leibhéal cuí Gaeilge. Bhí ganntanas suntasach ionadaithe ann leis an inniúlacht chuí sa teanga don chóras tumoideachais roimhe seo, agus is ábhar mór imní do scoileanna é cad as a dtiocfaidh na hionadaithe seo, leis na scileanna cuí sa teanga don teagasc agus don chumarsáid trí mheán na Gaeilge.
  • Saintuiscint agus taithí na múinteoirí céanna ar an gcóras tumoideachais – ag tógáil san áireamh go mbeidh scoileanna ag díriú ar dhiantréimhse tumtha sa teanga chun dul i ngleic leis an scaradh ón teanga ó thús na paindéime a tharla do mhórchuid na ndaltaí sna scoileanna lán-Ghaeilge agus an scaradh ón teanga a d’fhulaing na páistí óga a bheidh ag aistriú anois ó naíonra isteach sa bhunscoil gan na gnáthphróisis aistrithe ná an méid céanna tumtha sa teanga.
  • An bhuncheist maidir le soláthar múinteoirí agus ionadaithe ná an mbeidh múinteoir atá inniúil go leibhéal cuí sa Ghaeilge os comhair gach rang ó thús na scoilbliana. Tá imní léirithe cheana ag páirtithe leasmhara nach leor na múinteoirí breise a chuirfear ar fáil mar chuid den phacáiste tacaíochta atá fógartha agus tá an t-imní sin níos géire i gcomhthéacs na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus inniúlacht sa Ghaeilge san áireamh.

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas i leith na ceiste seo, “Tuigimid uile gurb í sábháilteacht agus sláinte gach dalta agus gach ball foirne an tosaíocht atá ag gach scoil, gach pobal, gach Roinn Stáit, agus ag an am céanna aithnímid go bhféadfadh sé seo a bheith linn go ceann tamaill. Ní mór dúinn a chinntiú nach mbeidh impleachtaí móra ann don Ghaeilge mar theanga an teagaisc, na foghlama agus na cumarsáide agus go mbeidh an Ghaeilge lárnach sa phleanáil ag leibhéal na Roinne agus na Ranna”.

Sa chomhthéacs céanna, tá ceist ann maidir le soláthar cúntóirí riachtanas speisialta, baill foirne riaracháin, maoirseoirí, treoirchomhairleoirí agus síceolaithe sa bhreis – an mbeidh siad inniúil sa Ghaeilge agus sásta seirbhís trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil, rud atá riachtanach d’fheidhmiú scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta mar is ceart agus chun leasa na ndaltaí.

Ó thaobh seasamh na Gaeilge sa phlé agus sa phleanáil don athoscailt scoileanna, deir Uachtarán Gaeloideachas, Seán Ó hArgáin, “tá míshástacht léirithe ag scoileanna faoin easpa cáipéisíochta, acmhainní tacaíochta, comhfhreagras srl ón Roinn trí Ghaeilge, rud a chuireann dua breise orthu feidhmiú go héifeachtach mar scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta. Táimid sásta a fheiceáil gur eisíodh an treochlár seo go dátheangach ach is ábhar díomá é nach bhfuil na cáipéisí tacaíochta do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fáil i nGaeilge, ina measc an Plean Freagartha do scoileanna. Le hachar ama chomh teoranta idir anois agus athoscailt na scoileanna, méadaíonn sé seo go suntasach an brú ar scoileanna a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Beimid ag súil go mbeidh na buntacaíochtaí seo curtha ar fáil trí Ghaeilge mar aon leis na tacaíochtaí eile atá luaite, ina measc oiliúint ar líne d’fhoireann na scoile móide an líne chabhrach ar fáil mar rogha trí Ghaeilge”.

Guíonn Gaeloideachas gach rath ar na scoileanna sa tréimhse phleanála seo agus cé gur plean an-chuimsitheach atá ullmhaithe ag an Roinn, neosfaidh an aimsir cé mar a éireoidh le scoileanna agus linn uile mar phobail tacaíochta na scoileanna. Guíonn Gaeloideachas gach rath freisin ar an Roinn agus ar na páirtnéirí oideachais agus Gaeilge uile sa tréimhse dhúshlánach seo agus beidh Gaeloideachas ar fáil le gach tacaíocht agus cúnamh a chur ar fáil.

Teagmháil

Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach 086 8050335 | blathnaid@gaeloideachas.ie

Seán Ó hArgáin, Uachtarán | uachtaran@gaeloideachas.ie

Anna Ní Chartúir, Oifigeach Caidreamh Poiblí | ocp@gaeloideachas.ie