Preasráiteas: Tionól Forbartha 2020 ar Ceal

May 19, 2020

TF ar ceal 2020

Tionól Forbartha na Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, 2020 ar Ceal
De dheasca Covid-19 agus cúrsaí na tíre mar atá, is oth linn a fhógairt go bhfuil cinneadh déanta Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2020 i mí na Samhna a chur ar ceal. Tá an cinneadh seo déanta ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht gach éinne a bheadh rannpháirteach ann a chosaint, mar aon le dúshláin shuntasacha a sheachaint a bheidh roimh na scoileanna agus a gcuid múinteoirí agus iad ag iarraidh dul i dtaithí ar an gcur chuige nua scolaíochta sa bhFómhar.

“Ba chinneadh an-deacair é seo do Gaeloideachas – tá an Tionól Forbartha ag croílár chlár oibre na heagraíochta leis an dea-chleachtas, taighde agus na modhanna oibre is comhaimseartha i dtaobh an tumoideachais a chomhroinnt ar rannpháirtithe an imeachta”, a dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas. “Tuigeann muid an luach a chuireann na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, taighdeoirí, mic léinn agus rannpháirtithe uile ar an imeacht bliantúil seo chun freastal ar shainriachtanais na hearnála, mar aon leis an deis a sholáthar dóibh tógáil ar an gcomhoibriú agus comhroinnt taighde agus dea-chleachtais idir scoileanna agus pobail”.

Tá Gaeloideachas i láthair na huaire ag breathnú ar bhealaí cruthaitheacha nuálacha ag baint leasa as féidearthachtaí na teicneolaíochta chun deiseanna eile forbartha gairmiúla agus gréasánaithe a sholáthar sa tréimhse éiginnte amach romhainn. Cuirfear tús leis an tsraith imeachtaí fíorúla seo ar an 3ú agus 4ú Meitheamh le himeachtaí ó Gaeloideachas dírithe ar an disléicse agus seolfar bileog tacaíochta nua de chuid na heagraíochta in éindí le Cumann Disléicse na hÉireann. Beidh painéal saineolaithe, cleachtóirí agus tuismitheoirí ann ar an dá oíche ag roinnt a gcuid saineolais agus eispéiris thar Zoom ar conas a fhreastalaíonn an córas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar dhaltaí a bhfuil disléicse orthu.

Idir anois agus deireadh na bliana, tá sé i gceist ag Gaeloideachas ceardlanna agus cruinnithe ar réimse leathan ábhar agus téamaí a chur ar siúl – an Ghaeilge mar theanga an tsóisialaithe sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, iontráil scoileanna, luath-thumoideachas, curaclam teanga na bunscoile agus sonraíocht na Gaeilge ag an iarbhunleibhéal ina measc. Roinnfear eolas breise maidir leis na himeachtaí eile atá beartaithe ar shuíomh Gaeloideachas sna laethanta amach romhainn.

Reáchtálfar mionchomhdháil lae ar riachtanais speisialta oideachais do mhúinteoirí agus do phríomhoidí ar an 11ú Feabhra in Óstán Pháirc an Mhuilinn gCearr, mar aon le Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas an tráthnóna sin. Tá súil againn go mbeidh slua breá in ann bheith linn don imeacht seo agus go mbeidh neart deiseanna ann eolas a chomhroinnt, foghlaim óna chéile agus gréasánú le múinteoirí agus príomhoidí ó scoileanna ar fud na tíre.

Gabhann muid buíochas le gach éinne as a gcuid tuisceana air seo. Táimid ag súil go mór le Tionól Forbartha 2021 i gCorcaigh, tráth a bheidh slua mór le chéile arís le ceiliúradh a dhéanamh ar an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Le haghaidh feachtais agus clár oibre reatha Gaeloideachas féach www.gaeloideachas.ie