Ráiteas Gaeloideachas maidir le héileamh don Ghaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát

May 2, 2024

Thug Clare Spáinneach an méid thíos mar ráiteas thar ceann Gaeloideachas ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an 24 Aibreán 2024. 

Tá taifead an tseisiúin ina iomlán ar fáil ag: https://www.oireachtas.ie/en/oireachtas-tv/video-archive/committees/ faoi dháta an 24 Aibreán. 

Beidh cuireadh á thabhairt don Aire Oideachais dul os comhair an choiste i mí an Mheithimh. Beidh tuairisc á hullmhú sa samhradh agus tá sé i gceist é a fhoilsiú i Meán Fómhair.

Ráiteas Gaeloideachas

A Theachtaí agus a Sheanadóirí, a chairde,

Táim an-bhuíoch as an deis labhairt libh ar son Gaeloideachas, eagraíocht dheonach náisiúnta a thugann comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta dóibh siúd atá ag obair sna naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Fís Gaeloideachas ná go mbeadh córas eiseamláireach tumoideachais, ón naíonra go bunscoil go hiar-bhunscoil, ar fáil do gach duine, ach faraor, faoi mar a sheasann sé, níl deis ag páistí uile na tíre freastal ar naíonra nó scoil lán-Ghaeilge.

Ní mór cur chuige straitéiseach a bheith ag an Stát maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge, chun nach mbeidh aon pháiste faoi mhíbhuntáiste tíreolaíoch, socheacnamaíoch nó eile maidir le teacht ar naíonra nó áit scoile ag an dá leibhéal.

Naíonra mar bhunchloch an tumoideachas

Cailltear deiseanna do na céadta páistí Gaeilge a shealbhú agus iad ag tús a n-aistear oideachais mar nach mbíonn naíonra ar fáil dóibh, agus tá líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag laghdú le blianta beaga anuas.

De réir suirbhé de chuid na Roinne Leanaí a foilsíodh i 2023, níl ach 53 naíonra ann anois lasmuigh den Ghaeltacht atá ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge. Go fóill, níl córas ag an Stát le naíonra a aithint mar chineál seirbhís ar leith, suíomh ina bhfuil tumoideachas á chleachtadh agus a bhfuil riachtanais tacaíochta ar leith ag a phobal dá réir. Níl fiú eolaire poiblí ar fáil ón Stát do thuismitheoirí maidir le cá háit ina bhfuil an naíonra is gaire dóibh.

Tá gá le scéim a thacaíonn le naíonraí a bhunú agus a bhuanú agus a chinntíonn go mbeidh rogha lán-Ghaeilge áitiúil ar fáil do gach páiste, agus go bhfuil fáil ag tuismitheoirí ar an eolas ina leith. Bua éasca a bheadh ann don Stát cur le líon na gcainteoirí Gaeilge dá dtabharfaí tús maith do na leanaí agus iad ag glacadh a gcéad céimeanna ar a dturas teanga leis an nGaeilge. 

Tá Gaeloideachas ag éileamh go gcuirfí scéim fóirdheontais ar fáil do na naíonraí ar bhonn práinne, go ndéanfar infheistíocht i seirbhís tacaíochta agus comhairliúcháin sonrach dóibh agus go dtabharfar an t-aitheantas dóibh atá tuilte acu, agus a thuileann na páistí a dtagann faoina gcúram.

An próiseas bunaithe scoile ag an mbunleibhéal

Le go mbeidh sé mar rogha ag gach páiste freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge, tá gá cur leis an soláthar bunscoile. Sa tuairisc ar an gcomhairliúchán poiblí don Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge, mhol líon ard freagróirí go mbunófaí breis naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna trí mheán na Gaeilge. Tugann seo údarás don Roinn Oideachais athbhreithniú cuí a dhéanamh ar an bpróiseas bunaithe scoile, próiseas a fhágann oideachas lán-Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste mar go bhfuil sé bunaithe ar déimeagrafaic amháin, seachas ar pleanáil straitéiseach a bheadh ag teacht leis an gClár Rialtais .

Cuireadh fáilte roimh an leasú a tháinig ar an bpróiseas bunaithe bunscoile sa bhliain 2019, leasú a d’fhág go bhfuil, ar pháipéar, níos mó deiseanna ann le bunscoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú sa chás nach bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge sa scoilcheantar cheana. Tharla an leasú seo de bharr imscrúdú Oifig an Choimisinéara Teanga agus dúshlán a leagadh roimh an Roinn Oideachais maidir lena dualgas i leith na teanga. Ach ní leor é, áfach, mar is annamh anois go mbunaítear scoileanna nua. Ní dhéanann próiseas atá bunaithe ar fhás daonra amháin freastal ar riachtanais forbartha an oideachais lán-Ghaeilge. Go praiticiúil, mura bhfuil sa scoilcheantar ach scoileanna meán-Bhéarla, agus go bhfuil spásanna ar fáil sna scoileanna sin, níl aon deis ann ar scoil lán-Ghaeilge a bhunú agus níl aon spreagadh nó tacaíocht ann ón Stát le scoil a iompú ina scoil lán-Ghaeilge.

Ní bhíonn ach achar ama gearr ann le tuismitheoirí le páistí faoi aois scoile a eagrú le dul i mbun feachtais le bunscoil nua a bhunú. Ainneoin go bhfaigheann Gaeloideachas fiosrúcháin ar bhonn rialta, níl aon fheachtais ghníomhacha ann le bunscoileanna nua a bhunú i láthair na huaire, mar nach bhfuil deiseanna ann dóibh faoin gcóras atá á fheidhmiú ag an Stát. Ní ceart go mbeadh troid, feachtasaíocht agus dua ollmhór i gceist do thuismitheoirí le háit a fháil i scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí.

Tá Gaeloideachas ag éileamh go mbeadh próiseas ar leith ann chun bunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú de réir éileamh agus cruthúnas ar inmharthanacht, lasmuigh de chóras reatha na Roinne Oideachais. Bíodh buntáistí na gaelscolaíochta ar fáil mar rogha do gach páiste.

An próiseas bunaithe scoile ag an iar-bhunleibhéal

Níor tharla leasú comhchosúil ar an bpróiseas bunaithe scoile ag an iar-bhunleibhéal, mar gur bhain imscrúdú Oifig an Choimisinéara teanga le cás bunscoile amháin. Is próiseas iomaíoch bunaithe ar déimeagrafaic amháin atá ann le pátrúin scoile a roghnú ag an iar-bhunleibhéal, cuma an bhfuil soláthar lán-Ghaeilge ar fáil sa scoilcheantar nó nach bhfuil.

Mar atá ag leibhéal na bunscoile, más scoileanna meán-Bhéarla amháin atá sa scoilcheantar agus go bhfuil spásanna ar fáil iontu, níl deis ann le scoil lán-Ghaeilge a bhunú.

Má tá gá le scoil nua, is an t-iarratas leis an líon is airde léirithe spéise ó thuismitheoirí a bhronnfar pátrúnacht na scoile orthu. Go hiondúil, áfach, sna ceantair ina bhfuil an daonra ag fás agus scoileanna nua de dhíth, is oideachas meán-Bhéarla a theastaíonn ó fhormhór na dtuismitheoirí dá bpáistí, cé go bhfuil scoileanna meán-Bhéarla ann cheana, mar sin is scoileanna meán-Bhéarla eile a bhunaítear.

Ní oibríonn córas iomaíoch den chineál seo i gcás teanga mionlaigh, agus tá sé ag dul glan in aghaidh spriocanna an Stát mar a bhaineann leis an ngaelscolaíocht. Tá an córas reatha ag déanamh leithcheala ar dhaltaí ar mian leo aistriú go hiar-bhunscoil lán-Ghaeilge. Tá sé ag ceilt deiseanna ar phobail lárionaid teanga agus oideachais a bhunú a chuirfeadh le hinniúlacht sa Ghaeilge do na glúine amach romhainn.

Tréaslaímid agus tacaímid leis na tuismitheoirí sna 8 gceantar ina bhfuil feachtais láidre le hiar-bhunscoileanna nua a bhunú, daoine a ndeachaigh i muinín an córas tumoideachais dá bpáistí agus gur mian leo cearta a éileamh dóibh leanúint leis an oideachas lán-Ghaeilge. Is a leithéidí a chinnteoidh todhchaí an teanga in ainneoin neamhshuim na Roinne Oideachais.

Tá Gaeloideachas ag éileamh go mbeadh próiseas ar leith ann chun iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú de réir éileamh agus cruthúnas ar inmharthanacht, lasmuigh de chóras reatha na Roinne Oideachais. Bíodh sé de cheart ag daltaí leanúint leis an oideachas lán-Ghaeilge agus caidreamh fadsaoil a chruthú leis an teanga.   

Aonaid iar-bhunscoile

Tá castacht sa bhreis ann le ceist an tsoláthair ag an iar-bhunleibhéal, sé sin múnla an aonaid, nuair a chuirtear oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil laistigh de scoil meán Bhéarla. Níl sainmhíniú beacht ag an Roinn Oideachais ar cad is aonad ann, agus níl polasaí ag an Roinn le raon, caighdeán agus inmharthanacht an tsoláthair a chinntiú. In ainneoin seo, socraíonn an Roinn gur múnla inghlactha é agus bunaítear aonaid mar réitigh ar cheist an tsoláthair.

Is deacair fiú a rá go cinnte cé mhéad aonaid atá ag feidhmiú sa tír i láthair na huaire, mar nach bhfuil córas aitheantais ann dóibh. Ní gá cead na Roinne Oideachais a fháil le haonad a bhunú nó le haonad a dhúnadh. Má lorgaíonn agus má fhaigheann scoil tacaíocht oifigiúil ón Roinn, ní leor an allúntas múinteora a cheadaítear dóibh leis na huaireanta teagaisc atá de dhíth a chlúdach. Ní féidir le daltaí bheith cinnte de, agus iad ag tosú amach in aonad, go mbeidh siad in ann leanúint le hoideachas trí mheán na Gaeilge go leibhéal na hardteistiméireachta, nó go mbeidh an rogha chéanna ábhair ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge. Ní bheadh seo inghlactha in aon suíomh oideachais eile.

Fós féin, bíonn aonad luaite mar rogha ar na foirmeacha léirithe spéise atá ag an Roinn Oideachais do thuismitheoirí nuair atá scoileanna nua le bunú, cé nach ndéanann an Roinn comhphlé leis an bpobal nó le pátrúin ionchasacha maidir leis.

Tá cruthúnas ann nach bhfuil múnla an aonaid mar atá inghlactha nó inmharthana mar sholáthar tumoideachais. Tuigtear do Gaeloideachas gur dhún ar a laghad 6 aonad le deich mbliana anuas. Do na haonaid atá ag feidhmiú, is gá a aithint go bhfuil obair ollmhór ar bun acu, gan tacaíocht chuí ón Roinn Oideachais, ach go bhfuil siad leochaileach agus nach soláthar tumoideachais iad sa chiall is leithne. Níl seo cothrom ar dhaltaí nó ar fhoireann na n-aonad.

Tá Gaeloideachas ag éileamh ar an Roinn Oideachais a aithint mar chuid den Pholasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge gur scoileanna neamhspleácha is gá a bhunú in áit aonaid, de bharr nach bhfuil múnla an aonaid lán-Ghaeilge inchurtha le scoil neamhspleách tumoideachais ó thaobh cur chuige ná eispéireas an tumoideachais. Do na haonaid reatha, tá Gaeloideachas ag éileamh go n-aontófar polasaí láithreach a éascaíonn an próiseas dóibh feidhmiú go neamhspleách gan mhoill.

Conclúid

Spreagfar tuismitheoirí le hoideachas trí mheán na Gaeilge a roghnú má chuirtear ar fáil dóibh é ina gcuid pobail féin agus mar chuid de ghnáth sholáthar oideachais seachas mar rogha atá imeallaithe agus uaireanta neamhchinnte. Ba cheart don Roinn Oideachais deis chothrom a thabhairt do pháistí dul chun cinn a dhéanamh agus leanúint lena gcuid oideachais trí Ghaeilge. Má chuirtear polasaithe láidre agus tacúla i bhfeidhm ag leibhéal an Stáit, beidh Gaeloideachas réidh le pobail a spreagadh agus a stiúradh trí na céimeanna le naíonraí agus scoileanna nua a bhunú.