Réiteach – Seimineár Rathúil

Mar 30, 2026

D’éirigh thar cionn leis an seimineár Réiteach a d’eagraigh Coiste Oideachais Chonradh na Gaeilge i bpáirt le hInstitiúdí agus Eagraíochtaí Oideachais & Gaeilge san Ionad Comhdhála, BÁC ar an 12 Márta. Ba é téama an tseimineáir ná I dtreo eispéiris shásúil foghlama Gaeilge do gach dalta. Bhí an lá roinnte i dtrí sheisiún agus i ngach seisiún labhair painéal cainteoirí. Bhí deis ag an lucht freastail ceisteanna a chur ansin ar an bpainéal agus aiseolas a thabhairt  faoi gach ar chualadar.

B’iad téamaí na seisiún:

  • An FTCE a ailíniú leis an gcuraclam iomlán – féidearthachtaí, buntáistí agus dúshláin
  • Eispéiris sásúil do na daltaí – riachtanais, sásamh na riachtanas agus acmhainní
  • Soláthar sásúil don Ghaeilge ag an Ardteist – sonraíochtaí, tacaíochtaí agus aitheantas cuí

Labhair na cainteoirí ar fad go pointeáilte faoina gcuid téamaí agus tharraing siad ar cheisteanna ar nós  – An FTCE mar réiteach chun freastal ar an réimse caighdeán & cumas i seomraí ranga; An gá le feabhas a chur ar inniúlacht teanga múinteoirí; An ghéarchéim de bharr an méid díolúintí ón nGaeilge atá á mbronnadh agus na féidearthachtaí a bhaineann leis an FTCE chun dul i ngleic leis seo; An easpa gníomhú ar thaighde a léiríonn easnaimh sa chóras oideachais; An deighilt mhór atá ag teacht chun cinn idir leibhéil cumais Ghaeilge ag dul ón mbunleibhéal go hiar-bhunleibhéal agus ar aghaidh go dtí an 3ú leibhéal; An mhí bhuntáiste mhór gan scrúdú cainte a bheith sa tSraith Shóisearach; An easpa dúshláin sa scrúdú Gaeilge Ardteiste, idir scrúdú scríofa agus scrúdú cainte do Ghaeilgeoirí cumasacha – cainteoirí dúchais Ghaeltachta agus daltaí ó ghaelcholáistí agus ó choláistí meán Bhéarla; An gá atá le Gaeilge mar ábhar Ardteiste a chosaint i gcomhthéacs na n-athruithe atá pleanáilte do struchtúr na hArdteiste ina hiomláine.

Beidh aighneacht á cur le chéile bunaithe ar an bplé agus moltaí a tháinig ón seimineár Réiteach agus cuirfear ar aghaidh í chuig an Comhdháil um Oideachas agus an Comhrá Náisiúnta, chuig An Chomhairle Náisiúnta Curaclam & Measúnachta agus chuig an Roinn Oideachais & Óige.