Resolutions passed at Gaeloideachas 2022 AGM
Dáta agus ionad: 04 Bealtaine 2022, 19.00-21.00, Óstán Páirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh
Riachtanais Bhreise Oideachais
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais go ndéanfaí dáileadh ar na múnlaí nua níos luaithe sa bhliain maidir le liúntas na scoileanna i dtaobh mhúinteoirí tacaíochta agus Cúntóirí Riachtanais Speisialta sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais go ndéanfaí athbhreithniú ar na critéir a bhaineann le rochtain a fháil ar thacaíochtaí do dhaltaí scoile ó CRS.
Éilíonn an Chomhdháil ar an Roinn Oideachais seirbhísí tacaíochta trí Ghaeilge a fhorbairt do scoileanna Gaeltachta atá páirteach sa Scéim Aitheantais Gaeltachta agus do na scoileanna lán-Ghaeilge, ar a n-áirítear teiripeoirí saothair, físteiripeoirí agus síceolaithe.
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) cúrsa oiliúna a chur ar fáil i nGaeilge dírithe ar chúntóirí riachtanais speisialta oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le freastal a gcuid sainriachtanas oiliúna agus mar bhuntaca do pháistí sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) go gcuirfear leagan Gaeilge ar fáil go comhuaineach leis an leagan Béarla dá gcuid cáipéisíochta, tacaíochtaí agus acmhainní do scoileanna agus do thuismitheoirí agus go ndéanfaí oiriúnú ar an ábhar don chomhthéacs lán-Ghaeilge agus Gaeltachta in áit aistriúchán ó leagan Béarla nach dtugann léargas ar chomhthéacs an tumoideachais.
Rún Éigeandála
Chuir Fíona Uí Uiginn, Bord Stiúrtha Gaeloideachas, rún éigeandála faoi bhráid an chruinnithe thar cheann Earnáil na n-Iar-bhunscoileanna. Léadh an rún don chruinniú agus aontaíodh go bpléfí é.
Iarrann an Chomhdháil seo ar an Aire Oideachais an cinneadh atá díreach glactha ag an Roinn Páipéar 1 Gaeilge a chur ar bun ag deireadh Bhliain a 5 ó 2023 a tharraingt siar.
Dréachtsonraíochtaí Gaeilge na hArdteiste
Iarrann an Chomhdháil ar an gComhairle Náisiúnta Curaclam agus Measúnuithe (CNCM) gníomhú ar an aiseolas suntasach agus comhleanúnach i leith dréachtsonraíochtaí nua T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteiste agus stad a chur leis an bpróiseas go mbeidh athbhreithniú cuimsitheach déanta ar na sonraíochtaí T1 agus T2 sa tsraith shóisearach.
Iarrann an Chomhdháil ar an CNCM, agus an t-athbhreithniú ar Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí curtha i gcrích, tús a chur le comhairliuchán úr atá bunaithe ar na moltaí a rinneadh sa Plécháipéis ag freagairt do Dhréachtshonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sinsearaí T1 agus T2, a réitigh an tOllamh Áine Hyland agus Fíona Uí Uiginn thar ceann 14 eagraíocht Ghaeilge agus oideachais.
Na Painéil Soláthair
Iarrann an chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais tacaíocht a thabhairt do na scoileanna Gaeltachta le cinntiú go mbeidh múinteoirí le hardchaighdeán Gaeilge á bhfostú acu agus nach mbeidh iallach ar scoil ar bith múinteoir a ghlacadh ó na painéil ath-imlonnaithe muna bhfuil scoil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge roghnaithe acu sa bhfoirm agus muna bhfuil Gaeilge ar ardchaighdeán acu.
Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge
Éilíonn an Chomhdháil ar an Roinn Oideachais soiléiriú a thabhairt maidir leis an struchtúr ceannasaíochta agus feidhmíochta mar a bhaineann le forbairt an pholasaí seo mar aon le scóip, scála ama agus buiséad. Áirítear sa struchtúr an bealach a dhéanfaí comhtháthú idir na ranna / rannóga / áisínteachtaí (NEPS/NCSE, srl.) – agus an bealach go mbeidh an Polasaí seo fréamhaithe in obair / polasaithe uile na Roinne agus na seirbhísí seachtracha (oideachais agus leanaí).
Iarrann Gaeloideachas go n-aithneofaí an ról lárnach i bhforbairt an oideachais lán-Ghaeilge atá ag Gaeloideachas le beagnach 50 bliain, le saineolas aici thar na réimsí luathbhlianta go iar-bhunleibhéal agus go mbeidh ionadaíocht aici ar an gCoiste Stiúrtha dá réir.
Próiseas ainmniúcháin ar bhord COGG
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Aire Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar an ngné a bhaineann le hainmniúchán ó na scoileanna Gaeltachta sa phróiseas ainmniúcháin do bhord COGG agus go n-aithneofaí go hoifigiúil Gaeloideachas mar fhoras ainmniúcháin na scoileanna lán-Ghaeilge agus na scoileanna Gaeltachta, le 4 spás ar an mBord, de bharr an ról uathúil atá aici san oideachas Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Liúntas don teagasc trí Ghaeilge
Iarrann an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le liúntas a chur ar fáil do mhúinteoirí na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta mar chomhartha aitheantais don obair mhór bhreise atá ar bun acu ar son na scoileanna agus an chórais oideachais, agus iarrtar:
- go dtabharfaí an liúntas ar ais do mhúinteoirí nua isteach sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
- go leanfadh an liúntas an duine seachas go gcaillfí é dá n-aistreodh an múinteoir go scoil lán-Ghaeilge/ Ghaeltachta eile
- agus sa dá chás seo, go ndéanfaí é a cheangailt le cáilíocht ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach ag leibhéal sainaitheanta agus comhaontaithe mar spreagadh agus aitheantas do mhúinteoirí atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna teanga.
Na hAonaid lán-Ghaeilge
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais soiléiriú a thabhairt trí pholasaí a eisiúint maidir le forbairt agus feidhmiú na nAonad lán-Ghaeilge reatha agus soiléiriú a thabhairt faoin bpróiseas a bhaineann le haistriú stádais ó aonad go scoil neamhspleách.
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Aonad Gaeltachta go soiléireofar stádas na scoileanna atá ag feidhmiú mar Aonaid sa Ghaeltacht agus atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantas Gaeltachta trí soiléiriú a thabhairt ar na critéir a bhaineann lena bhfeidhmiú reatha agus iad rannpháirteach sa Scéim, an stádas atá / a bheidh acu mar scoil Ghaeltachta, agus an próiseas a bhaineann le forbairt ina scoil neamhspleách a fheidhmíonn trí Ghaeilge.
Soláthar Nua ag an mBunleibhéal agus ag an Iar-bhunleibhéal
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais plean gnímh soiléir a eisiúint a thacaíonn leis an sprioc Stáit cur leis an Oideachas lán-Ghaeilge agus chuige sin a aithníonn an tábhacht a bhaineann leis an leanúnachas ón naíonra go hiar-bhunleibhéal trí Ghaeilge chun go mbeidh deis ag daltaí leanúint lena gcuid oideachais sa chóras tumoideachais.
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais leasú a dhéanamh ar an gcóras bunaithe scoile ag an iar-bhunleibhéal mar a bhaineann le hOideachas lán-Ghaeilge chuig córas a aithníonn soláthar d’oideachas lán-Ghaeilge mar sprioc tábhachtach de chuid an Stáit agus a éascaíonn an próiseas dóibh siúd ar mhaith leo Oideachas trí Ghaeilge ag an iar-bhunleibhéal.
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais nach mbeidh aonaid molta sa Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge atá á fhorbairt ná in aon phróiseas úr a bhaineann le scoileanna a bhunú mar fhreagra ar éileamh ar Oideachas lán-Ghaeilge ag an iar-bhunleibhéal agus go dtabharfar deis chothrom do gach dalta sa tír seo a roghnaíonn an t-oideachas lán-Ghaeilge eispéireas iomlán tumoideachais a bheith acu i scoil lán-Ghaeilge seachas aitheantas débhríoch faoi scáth scoil Bhéarla.
Dífheistiú
Éilíonn an Chomhdháil seo go mbeadh rogha d’oideachas lán-Ghaeilge á thairiscint go réamhghníomhach agus go cuimsitheach do phobail na scoileanna atá ag cíoradh féidearthachtaí maidir le dífheistiú go pátrúin bunscoile eile agus nach ndéanfaí rogha an phobail do phátrúin ná do shainmheon teanga a theorannú.
An Polasaí Oideachas Gaeltachta
Éilíonn an Chomhdháil seo go gcaomhnófar na tacaíochtaí atá ar fáil faoin Scéim Aitheantas Gaeltachta mar a bhaineann le scoileanna Ghaeltachta. Áirítear ina measc an múinteoir tacaíochta don Ghaeilge.
Díolúine ó Staidéar ar an nGaeilge
Éilíonn an Chomhdháil ar an Roinn Oideachais iniúchadh cuimsitheach a dhéanamh ar an tionchar a d’imir na ciorcláin athbhreithnithe maidir le díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge ar 1) líon na ndíolúintí atá á bhronnadh, 2) na cúiseanna a bhfuil na díolúintí á mbronnadh, 3) bealaí ina bhfuil na critéir á gcur i bhfeidhm, agus 4) roghanna malartacha a thairiscint do dhaltaí a bhfuil dúshlán ar leith acu leis an teanga trí cláir thacúla teanga a bheith ar fáil dóibh.
Luathbhlianta trí Ghaeilge – Na Naíonraí
Éilíonn an Chomhdháil seo go ndéanfaidh an Roinn Leanaí soláthar ar leith do na luathbhlianta trí mheán na Gaeilge agus an plean nua Comhpháirtíocht chun leasa an Phobail á fheidhmiú agus go gcuirfear maoiniú ar fáil le go bhféadfaí liúntas a íoc le foireann an naíonra mar straitéis le dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta san earnáil.
Éilíonn an Chomhdháil seo go ndéanfaidh an Roinn Leanaí tacaíochtaí dearfacha a sholáthar do mhúinteoirí naíonra faoin bplean Scileanna a Chothú lena n-áirítear sparánachtaí, dreasachtaí caipitíochta níos airde, agus infhaighteacht níos leithne ar chláir oideachais trí mheán na Gaeilge chun níos mó inniúlachta sa Ghaeilge a spreagadh.
Éilíonn an Chomhdháil seo go ndéanfaidh an Roinn Leanaí clár oibre an Chomhordaitheora Tacaíochta Gaeilge a dhíriú go sonrach ar thacaíocht do sheirbhísí luathbhlianta lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, de réir mar a bhí geallta sa Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana maidir leis an nGaeilge 2018 – 2022 agus go ndéanfar an dara duine a cheapadh gan a thuilleadh moille.
Riachtanais Teanga Múinteoirí nua-cháilithe
Chun dul i ngleic leis an easpa soláthair atá ann de mhúinteoirí bunscoile a bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu, éilíonn Gaeloideachas ar an gComhairle Mhúinteoireachta teastas TEG ag caighdeán B2 le Tuillteanas (65%+) a éileamh mar bhunriachtanas ó gach duine atá ag iarraidh clárú mar mhúinteoir bunscoile leis an gComhairle agus go mbeadh an caighdeán céanna de dhíth le clárú mar mhúinteoir iar-bhunscoile a bheidh ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge’
Séideán Sí
Iarrann an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais infheistíocht bhreise agus riachtanach a dhéanamh sa chlár Séideán Sí chun go mbeidh sé in oiriúint do na scoileanna uile a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an PDST go mbeidh stádas na Gaeilge ar chomh chéim leis an mBéarla i dtaobh na dtacaíochta sa bhforbairt ghairmiúil leanúnach a chuireann an PDST ar fáil do mhúinteoirí sa chóras oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Tacaíocht na Teicneolaíochta sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Éilíonn an Chomhdháil seo ar na heagraíochtaí náisiúnta a chuireann tacaíocht sa teicneolaíocht ar fáil do scoileanna (Engineers Ireland, Science Foundation Ireland srl.) agus ar na hionaid oideachais go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge ar chomhchaighdeán leis an tacaíocht do scoileanna Béarla agus go mbeidh na deiseanna céanna ag scoláirí na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge is atá ag scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.
Rún Éigeandála
Fáiltíonn an Chomhdháil seo roimh gasúir na Úcráine isteach inár scoileanna T1 agus fáiltíonn muid roimh na huaireanta bhreise chun tacú leo. Éilíonn an Chomhdháil ar an Roinn Oideachais agus ar an Aonad Gaeltachta breathnú ar an gceist ollmhór seo ó thaobh gasúir nach bhfuil Gaeilge acu atá ag teacht isteach inár scoileanna ar feadh blianta agus fágtha ag na múinteoirí ranga Gaeilge agus Béarla a mhúineadh dóibh.