Resolutions passed at Gaeloideachas 2024 AGM
Seo hiad na rúin a glacadh leo ag CGB Gaeloideachas ar an 17 Aibreán 2024 in óstán Athlone Springs. Co. na hIarmhí.
Leithdháileadh Múinteoirí Oideachais Speisialta (SET) do dhaltaí le Riachtanais Speisialta.
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais an réasúnaíocht a mhíniú d’úsáid meántorthaí na dtástálacha caighdeánaithe sa Bhéarla agus sa Ghaeilge chun an liúntas litearthachta SET a mheas i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta,
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais riachtanais tacaíochta sa dá theanga a aithint trí chóras nua a chur i bhfeidhm a thugann an tacaíocht atá riachtanach do scoláirí an chórais.
Éilíonn an Chomhdháil seo go dtógfar ualú don lauth-idirghabháil i ranganna na naíonán san áireamh do 2024/25, chomh maith le breithniú ar riachtanais iolracha in áit riachtanais chasta.
Áiseanna teagaisc do na Príomhábhair iar-bhunscoile
Éilíonn an Chomhdháil seo go gcuirfí leis an líon áiseanna téascleabhair atá ar fáil trí Ghaeilge le go mbeidh réimse ceart de roghanna ar fáil ar na príomhábhair.
Tacaíocht bhreise don Ghaeilge mar Ábhar Breise
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais córas tacaíochta a fhorbairt do pháistí sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bhfuil cúnamh teanga de dhíth orthu don Ghaeilge mar dhara teanga, amhail an córas EAL don Bhéarla.
Liúntas
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais, mar fhreagairt don ghéarchéim earcaíochta agus ar mhaithe le múinteoirí a mhealladh chun na hearnála agus an earnáil tumoideachais a threisiú, an liúntas don teagasc trí Ghaeilge a thabhairt ar ais mar aitheantas ar an ualach suntasach breise atá ar mhúinteoirí na hearnála mar a bhaineann le, ina measc, ábhair comhaimseartha agus uirlisí measúnaithe a chruthú, réimse scileanna agus eolais teangeolaíochta a fhorbairt, an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an tsóisialaithe, cothromaíocht a aimsiú idir sainábhair a mhúineadh agus béim a leagan ar an sealbhú teanga, agus cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí go dátheangach.
Luathbhlianta
Éilíonn an Chomhdháil seo go gcuirfeadh an Stát infreastruchtúr agus scéimeanna tacaíochta cuí i bhfeidhm do shuíomhanna luath-óige a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá ar comhchéim leis na tacaíochtaí cuimsitheacha atá ann dóibh siúd sa Ghaeltacht.
Éilíonn an Chomhdáil seo go n-aithneofar an dúshlán ar leith atá ag naíonraí foireann le Gaeilge líofa agus cáilíochtaí cuí luathbhlianta a earcú agus go gcuirfear socrú eatramhach i bhfeidhm le gur féidir le naíonraí foireann faoi oiliúint a cheapadh má shásaíonn siad critéir na Gaeilge.
POLG
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais freastal mar is ceart ar mhianta an phobail, mar atá léirithe sa phróiseas comhairliúcháin a dteastaíonn córas láidir tumoideachais uathu, trí soláthar leordhóthanach ón naíonra go bunscoil go hiar-bhunscoil, gan turas mór fada, gan dua, gan géilleadh ar a gcuid cearta ná mianta.
Aonaid
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais a aithint nach bhfuil múnla an aonaid lán-Ghaeilge inchurtha le scoil neamhspleách thumoideachais ó thaobh cur chuige ná eispéireas an tumoideachais agus dá réir, 1) go n-aontófar polasaí láithreach a éascaíonn an próiseas do na haonaid reatha feidhmiú go neamhspleách, agus 2) nach mbunófar aonad mar fhreagairt d’éileamh ar Oideachas lán-Ghaeilge.
Gaeilge na hArdteiste
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais go dtógfar san áireamh san anailís ar mhúnlaí malartacha do Ghaeilge na hArdteiste plépháipéar an Ollaimh Áine Hyland agus Fíona Uí Uiginn, a bhfuil bunús fianaise-bhunaithe leis agus go gcuirfear san áireamh é sa chéad sraith chomhairliúcháin a reáchtálfear.
An tSraith Shóisearach
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais na dúshláin a aithint atá ag eascairt as an gcur chuige reatha T1 agus T2 ag leibhéal na sraithe sóisearaí agus an córas reatha a chur ar leataobh go mbeidh athbhreithniú cuimsitheach déanta chun críche múnla atá cothrom go gach scoláire
Soláthar Múinteoirí don Earnáil Lán-Ghaeilge
Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais go dtabharfaí aghaidh, ar bhonn práinne, ar an ngéarchéim earcaíochta atá ann don earnáil lán-Ghaeilge ach go háirithe trí liúntais a thabhairt air ais; scéimeanna tacaíochta teanga; breis spásanna ar na cúrsaí oiliúna trí Ghaeilge a chur ar fáil; agus breis scoláireachtaí.