Rúin 2021: Naíonraí & Aonaid 

Feb 5, 2021

Rúin 6

Tá an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ag teannadh linn… Idir seo agus sin, roinnfimid na rúin de réir a chéile a rithfear ag cruinniú na bliana seo. Tapaigh an deis bheith linn don phlé!

5 lá fágtha le clárú!

Naíonraí agus Aonaid 

  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an soláthar maoinithe a bhí ann d’earnáil na luathbhlianta lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus ar cuireadh deireadh leis sa bhliain 2014 a athinfheistiú san earnáil agus Gaeloideachas a ainmniú mar eagraíocht náisiúnta tacaíochta na naíonraí, lasmuigh den Ghaeltacht.
    • Molta ag: Bord Stiúrtha Gaeloideachas.

 

  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an coinníoll a cheangal le haon mhaoiniú a chuirtear ar fáil le seirbhís a sholáthar do naíonraí gur gá an tacaíocht sin a chur ar fáil i nGaeilge.
    • Molta ag: Bord Stiúrtha Gaeloideachas.

 

  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Oideachais an polasaí atá acu i leith forbairt agus feidhmiú na nAonad reatha lán-Ghaeilge a shainiú mar aon leis na critéir a bhaineann le forbairt go stádas scoil neamhspleách.
    • Molta ag: Bord Stiúrtha Gaeloideachas.

 

  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Oideachais gan Aonad nua a bhunú mura mbíonn tumoideachas iomlán go leibhéal na hArdteiste ar fáil mar pholasaí agus mar chleachtas, agus sa chás nach mbíonn, go ndéanfar iad a sholáthar mar scoileanna neamhspleácha nó mar scoileanna satailíte faoi chúram iar-bhunscoil lán-Ghaeilge go dtí go mbeidh an stádas neamhspleách bainte amach. Bord Stiúrtha Gaeloideachas.
    • Molta ag: Bord Stiúrtha Gaeloideachas.