Rúin 2021: Polasaí Náisiúnta, NCSE, Díolúintí

Jan 27, 2021

Rún 4 (Twitter FB)

Tá an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ag teannadh linn… Idir seo agus sin, roinnfimid na rúin de réir a chéile a rithfear ag cruinniú na bliana seo. Tapaigh an deis bheith linn don phlé!

14 lá fágtha le clárú! 

Polasaí Náisiúnta, NCSE, Díolúintí

  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Oideachais Polasaí Náisiúnta don Oideachas lán-Ghaeilge a fhorbairt, rud atá geallta sa chlár rialtais agus ar thug an tIar-Aire agus Ard-Rúnaí na Roinne a bhfocail ina leith agus go mbeidh an polasaí seo ar chlár oibre na Roinne agus sa Ráiteas Straitéise chun go mbeidh fís shoiléir agus clár tacaíochta ann don oideachas lán-Ghaeilge. 

Molta ag: Bord Stiúrtha Gaeloideachas

  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) go gcuirfear leagan Gaeilge ar fáil go comhuaineach leis an leagan Béarla dá gcuid acmhainní do scoileanna agus do thuismitheoirí agus go mbeidh na hacmhainní sin curtha in oiriúint don chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta seachas leagan aistrithe amháin nach bhfeileann i ngach cás.

Molta ag: Scoil Mhic Dara, An Ceathrú Rua

  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Oideachais iniúchadh cuimsitheach a dhéanamh ar an tionchar a d’imir na ciorcláin athbhreithnithe maidir le díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge ar 1) líon na ndíolúintí atá á bhronnadh, 2) na cúiseanna a bhfuil na díolúintí á mbronnadh, 3) bealaí ina bhfuil na critéir á gcur i bhfeidhm, agus 4) na dúshláin roimh phríomhoidí is iad ag iarraidh na himlitreacha a chur i bhfeidhm.

Molta ag: Gaelscoil Osraí