Rúin 2021: Próiseas iontrála, NEPS, seirbhísí tacaíochta 

Feb 1, 2021

Rúin 4

Tá an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ag teannadh linn… Idir seo agus sin, roinnfimid na rúin de réir a chéile a rithfear ag cruinniú na bliana seo. Tapaigh an deis bheith linn don phlé!

9 lá fágtha le clárú! 

Próiseas iontrála, NEPS, seirbhísí tacaíochta 

  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Aire Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn práinne ar an bpróiseas iontrála ag leibhéal na bunscoile mar a bhaineann leis an tionchar tubaisteach atá agus a d’fhéadfadh a bheith aige ar an leanúnachas ón naíonra isteach sa bhunscoil lán-Ghaeilge de bharr na srianta atá i bhfeidhm.
    • Molta ag: Gaelscoil Osraí
  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) go ndéanfar athbhreithniú ar mheasúnuithe síceolaíochta i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, go gcuirfear in oiriúint iad do chomhthéacs teanga agus do riachtanais na ndaltaí agus go mbeidh fáil ar mheasúnuithe trí Ghaeilge.
    • Molta ag: Scoil Naisiúnta na Rinne
  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Oideachais seirbhísí tacaíochta trí Ghaeilge a fhorbairt do scoileanna Gaeltachta atá páirteach sa Scéim Aitheantais Gaeltachta agus do na scoileanna lán-Ghaeilge, ar a n-áirítear teiripeoirí saothair, fisiteiripeoirí agus síceolaithe.
    • Molta ag: Scoil Sailearna