Rúin 2021: Scoileanna DEIS, oiliúint múinteoirí, cúntóirí RSO
Tá an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ag teannadh linn… Idir seo agus sin, roinnfimid na rúin de réir a chéile a rithfear ag cruinniú na bliana seo. Tapaigh an deis bheith linn don phlé!
12 lá fágtha le clárú!
Scoileanna DEIS, oiliúint múinteoirí, cúntóirí RSO
- Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Oideachais riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta DEIS a chur san áireamh, agus treoir agus tacaíocht maidir le dea-chleachtais an tumoideachais a eisiúint, rud a chuirfeadh san áireamh stádas agus coinníollacha DEIS na scoileanna agus go háirithe leibhéal míbhuntáiste an cheantair ina bhfuil an scoil lonnaithe, mar aon leis na tacaíochtaí Gaeilge agus litearthachta breise atá ag teastáil ó thuismitheoirí.
- Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar na hinstitiúidí tríú leibhéal atá ag plé le hoiliúint múinteoirí aitheantas a thabhairt do shainriachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta DEIS sna cláir oiliúna agus sna cláir forbartha gairmiúla leanúnaí, go mór mór mar a bhaineann leis an luath-thumoideachas iomlán.
- Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) cúrsa oiliúna a chur ar fáil i nGaeilge dírithe ar chúntóirí riachtanais speisialta oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le freastal ar a gcuid sainriachtanas oiliúna.
Molta ag: Gaelscoil Pheig Sayers