Rúin 2021: Sonraíochtaí Gaeilge T1 & T2 don Ardteist, oiliúnt tosaigh do mhúinteoirí, Máistir Gairmiúil san Oideachais

Feb 3, 2021

Rúin 5

Tá an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ag teannadh linn… Idir seo agus sin, roinnfimid na rúin de réir a chéile a rithfear ag cruinniú na bliana seo. Tapaigh an deis bheith linn don phlé!

7 lá fágtha le clárú!

Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don Ardteist, oiliúnt tosaigh do mhúinteoirí, Máistir Gairmiúil san Oideachais 

  • Iarrann an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an gComhairle Náisiúnta Curaclam agus Measúnuithe (CNCM) an comhairliúchán ar na sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don Ardteist a chur siar. Caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraíochtaí nua T1 agus T2 atá tagtha ar an bhfód ó 2017 ag leibhéal na sraithe sóisearaí ar dtús sula dtugtar faoin athrú suntasach seo ag leibhéal na hArdteiste. Níor tharla an chéad scrúdú bunaithe ar na sonraíochtaí seo in 2020 de bharr Covid-19 agus níl aon aiseolas faighte ag an CNCM maidir lena n-éifeachtacht.
    • Molta ag: Coláiste Pobail Osraí

 

  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar na hInstitiúidí Ardoideachais ar fad a sholáthraíonn cúrsaí oiliúna do mhúinteoirí modúl nó cúrsa ar theagasc trí Ghaeilge a chur ar fáil mar rogha do na mic léinn atá ag tabhairt faoin gcúrsa. Chabhródh sé seo le soláthar múinteoirí sna hábhair éagsúla ina bhfuil ganntanas mór faoi láthair ag an iar-bhunleibhéal.
    • Molta ag: Gaelcholáiste Mhaigh Nuad

 

  • Chun dul i ngleic leis an easpa soláthair atá ann de mhúinteoirí bunscoile a bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu, éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an gComhairle Mhúinteoireachta teastas TEG ag caighdeán B2 le Tuillteanas (65%+) a éileamh mar bhunriachtanas ó gach duine atá ag iarraidh clárú mar mhúinteoir bunscoile leis an gComhairle. Faoi láthair, mar chuid dá riachtanais iontrála, tá na hinstitiúidí ardoideachais, seachas Hibernia, ag éileamh TEG B1 (béaltriail le tuillteanas) don chúrsa Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunleibhéal).
    • Molta ag: Bord Stiúrtha Gaeloideachas

 

  • Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Oideachais a chinntiú go gcuireann institiúid ardoideachais in oirthear na tíre cúrsa iomlán MGO (Máistir Gairmiúil san Oideachais) Iar-bhunleibhéil ar fáil le freastal ar an éileamh ar mhúinteoirí ábhair sna scoileanna iar-bhunleibhéil agus le cur leis an soláthar atá á chur ar fáil ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoi láthair.
    • Molta ag: Coláiste Íosagáin