Seachtain breise ag scríbhneoirí Gaeilge le cur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2021

Jul 2, 2021

Comórtas Liteartha

Tá Oireachtas na Gaeilge ag tabhairt breis ama do scríbhneoirí snas a chur ar a gcuid saothar agus síneadh ama seachtaine á thabhairt dóibh iontrálacha a chur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2021. Glacfar le hiarratais anois suas go dtí 5.00 p.m. Dé hAoine, 9 Iúil 2021.

Fiche naoi (29) comórtas atá ar chlár na bliana seo agus réimse leathan seánraí i gceist, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d’fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, greannán, drámaíocht agus eile.

Tá duaischiste ar fáil do gach comórtas agus níos tábhachtaí fós, cuireann an painéal moltóirí aiseolas luachmhar ar fáil do gach scríbhneoir ar a gcuid saothar – aiseolas a chabhraíonn le forbairt, bláthú agus scileanna scríbhneoireachta na scríbhneoirí. 

Is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais 2021, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98.

Tuilleadh eolais anseo.