Sealbhú agus Saibhriú Teanga sa Naíonra, 4 Bealtaine 2021, 19.00
Téama: Sealbhú agus saibhrú teanga sa naíonra.
Leagann an taighde ar an luath-thumoideachas béim faoi leith ar phleanáil chun na modhanna múinte uile a úsáidtear a mhúnlú i dtreo is go gcothóidh siad sealbhú teanga (‘language-conducive pedagogical strategies’). Pléifear an cheist seo maidir le torthaí ó staidéir éagsúla ar na naíonraí (m.sh. Hickey 2003, 2021): cuirfear síos ar an tábhacht a bhaineann le hionchur an mhúinteora, agus conas mar a spreagann gníomhaíochtaí éagsúla sa naíonra úsáid an T2. Scrúdófar an sórt cainte a úsáideann foghlaimeoirí óga, agus an tionchar atá ag an ngrúpáil ar an úsáid teanga. Ar deireadh, pléifear ról na dtuismitheoirí, agus an luach a bhaineann len iad a spreagadh chun tacú le foghlaim a leanaí.
Dírithe ar: Daoine atá ag obair i naíonra nó a bhfuil spéis acu in obair na naíonraí
Am agus áit: 4 Bealtaine 2021, 19:00-20.00, Zoom
Aoichainteoirí: Dr Tina Hickey, Ollamh Comhlach, Scoil na Síceolaíochta UCD agus Máire Uí Mhurchú, Iarstiúrthóir Naíonra Neasáin & Teagaisceoir Institiúid Oideachais Marino
Is síceolaí agus taighdeoir í Tina a rinne staidéir náisiúnta ar na naíonraí agus í ag obair in Institiúid Teangeolaíochta Éireann. I UCD chuir sí oiliúnt ar fáil do mhic léinn ar shícéolaíocht teanga, ar shealbhú teanga, ar an dátheangachas agus an tumoideachas, agus thug sí léachtanna rialta do mhic léinn i gColáiste Phádraig DCU. D’fhoilsigh sí ailt in irisí idirnáisiúnta agus náisiúnta ar an tumoideachas, agus í ina bunaitheoir ar iris nua (Journal of Immersion and Content-Based Education) agus ina eagarthóir ar Eagrán Speisialta den Journal of Bilingual Education and Bilingualism, dar teideal “Immersion education in the early years”.
Is iar-phríomh stiúrthóir Naíonra Neasáin i mBaile Átha Cliath í Máire Uí Mhurchú. Chaith sí 28 mbliain ag obair sa naíonra. Le ceithre bhliain anuas tá sí ag obair le hInstitiúid Oideachais Marino ar an gcéim Luath Oideachais, ar an modúil Luath Oideachas trí Ghaeilge. Déanann sí maoirseacht agus meantóireacht ar mhic léinn ar socrúchán.
Tá an clárúchán seo dúnta anois. Coinnigh súil ar an suíomh do thaifead den ócáid seo ar ball.