Tá bhur gcuid aiseolais ag teastáil uainn!
I dtús na bliana seo, chuir an Dr Sinéad Nic Aindriú agus an t-Ollamh Pádraig Ó Duibhir (Sealbhú, DCU) tús le taighde an-luachmhar ar son Gaeloideachas sa réimse RSO dár teideal – Anailís ar na hacmhainní teagaisc, foghlama agus measúnuithe reatha trí mheán na Ghaeilge atá ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá an chéad phíosa den taighde sin réidh anois agus tá páipéar comhairliúcháin air réitithe ag na taighdeoirí. Féach air anseo: Páipéir Comhairliúcháin Gaeloideachas
Tá an páipéar seo dá sheoladh chuig na scoileanna ar fad le súil a phríomhoidí agus a mhúinteoirí go dtabharfaidh sibh aiseolas air. Tá nasc chuig ceistneoir comhairliúcháin istigh sa pháipéar dóibh súid atá ag iarraidh freagra a thabhairt air. Chabhródh bhur gcuid aiseolais go mór leis na taighdeoirí a chinntiú nach bhfuil aon bhearnaí ann agus go mbeidh na moltaí is úsáidtí do scoileanna agus do scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise acu á roinnt amach anseo.
Bheadh muid go mór faoi chomaoin agaibh dá seolfadh sibh bhur n-aiseolas faoin bpáipéar comhairliúcháin seo faoin Aoine 11 Meitheamh agus dá bhféadfaí an ríomhphost seo a roinnt le comhghleacaithe libh.
Arís a chairde, ba mhór againn bhur dtacaíocht leis an gcéim seo den taighde riachtanach seo. Is í an sprioc atá leis ná caighdeán na seirbhísí RSO san earnáil Ghaeltachta/lán-Ghaeilge a thabhairt chun barr feabhais.