Tacaíocht don Oideachas Speisialta sna Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Feb 25, 2019

Tá ceisteanna maidir le hoideachas speisialta i measc na gceisteanna is minice a chuirtear ar Gaeloideachas – ó thuismitheoirí, foireann na scoileanna agus lucht déanta beartais araon. Tá Gaeloideachas ag díriú ar na ceisteanna seo agus ag forbairt raon leathan tacaíochtaí do scoileanna agus pobal na scoileanna dá réir. Ina measc, beidh Comhdháil RSO ar siúl againn an 4 Aibreán, i gcomhpháirt le COGG, le freastal ar riachtanais na múinteoirí tacaíochta foghlama maidir leis an oideachas speisialta.

Tá sé beartaithe againn imeacht a reáchtáil gach ré bliain ar an ábhar seo, agus babhtáil a dhéanamh idir imeacht dírithe ar tuismitheoirí agus imeacht dírithe ar mhúinteoirí agus foireann tacaíochta na scoileanna, mar a bheidh comhdháil na bliana seo.

Beidh an comhdháil ar siúl sa Mullingar Park ar an 4 Aibreán. Beidh seisiúin ann don bhun agus don iar-bhunleibhéal, agus is lá iomlán a bheidh i gceist, ó 9.00-16.00. Níl ionadaíocht ar fáil chuige, faraor, ach níl aon chostas air agus cuirfear lón ar fáil do na rannpháirtithe, in éineacht leis an lón machnaimh den scoth a thabharfaidh siad abhaile leo!

Tá cuireadh tugtha againn do chleachtóirí a bhfuil taithí agus saineolas acu ar an réimse ceardlanna agus cur i láthair a dhéanamh maidir le:
· conas measúnú a dhéanamh ar dheacrachtaí teanga;
· conas freastal ar riachtanais éagsúla sa rang céanna;
· straitéisí praiticiúla mar a bhaineann le difreáil agus buíon mhúinteoireacht;
· múineadh an mhata, agus;
· teicneolaíocht eolais agus cumarsáide.
Bí linn!
Beidh an-éileamh ar áiteanna ag an gcomhdháil, agus is gá clárú le freastal roimh an 22 Márta le d’áit a dheimhniú. Le clárú, ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig ComhdhailRSO@gaeloideachas.ie le d’ainm agus ainm na scoile lena mbaineann tú.

Má tá aon cheist agat ina leith, tá lán-fháilte romhat teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195. Beimid ag súil le bualadh leat ann.