Tacaíocht | Teanga | Tumoideachas

Tá an scéim phílótach Tacaíocht, Teanga, Tumoideachas faoi lán seoil anois i naíonraí éagsúla timpeall Baile Átha Cliath agus Cill Dara. Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil Máire Uí Mhurchú agus Ger Cussen ag obair linn mar speisialtóirí tumoideachais (comhairleoirí). Tá réimse leathan taithí ag an mbeirt acu sa réimse luathbhlianta agus tumoideachas. Táimid an-bhuíoch go bhfuil siad sásta a gcuid saineolas a roinnt le naíonraí eile.
Tugann an scéim seo deis do naíonraí le ballraíocht iarratas a dhéanamh ar thacaíocht a fháil ó thaobh cur chun cinn an tumoideachais sa seomra naíonra.
Mar atá, caitheann na speisialtóirí tumoideachais am sa naíonra thar tréimhse trí cuairt ar laethanta éagsúla. Tugann siad aiseolas, comhairle agus moltaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge i measc na foirne agus na páistí sa naíonra.
Is scéim thacúil agus spreagúil í an scéim nua seo, agus bunaíodh í chun béim a chur ar láidreachtaí gach naíonra, seachas laigí. Níl aon costas i gceist don naíonra.
Is féidir spéis a léiriú sa scéim trí cheist (8) a fhreagairt ar an bhfoirm thíos. Ní gá é a chomhlíonadh arís más rud é go bhfuil sé déanta agat cheana.