Tae & Plé na Naíonraí

Sep 12, 2021

TP

Eagrófar teacht-le-chéile neamhfhoirmiúil gach mí, ar an gcéad Chéadaoin den mhí, mura gcuirtear a mhalairt in iúl. Ní ga clárú ach uair amháin agus seolfar an nasc chugat gach mí. Is féidir díchlárú ag am ar bith trí ríomhphost a sheoladh chugainn.

Foilseofar achoimrí beag ar an bplé go rialta i Nuachtlitir na Naíonraí ach ar ndóigh ní roinnfear aon eolas pearsanta agus déanfar cinnte de i gcónaí gur spás tacúil, taitneamhach a bheidh sa Tae & Plé. Díreofar ar théama ar leith gach mí, agus má tá moladh ar bith agat maidir le habhar le plé, seol chuig katie@gaeloideachas.ie é.

Is féidir go mbeidh spreag cheisteanna againn ó am go chéile leis an bplé a threorú agus a éascú, agus táimid an-oscailte do mholtaí ina leith.

Cláraigh anseo agus seolfar nasc chugat do na seisiúin Tae & Plé. Bíonn siad ar siúl gach mí. Ní gá clárú ach uair amháin, áfach, agus is féidir díchlárú am ar bith trí teagmháil a dhéanamh linn.