Taifid ón Tionól Forbartha 🎁📽️
Tá an Nollaig buailte linn ach na síofraí ag an Mol Thuaidh le Gaeloideachas fós ag obair go dian! Rinneadh taifead ar an gcuid is mó de na cuir i láthair ag Tionól Forbartha 2023 agus tá na físeáin curtha ar fáil ar ár gcainéal ar YouTube de réir a chéile. Cheana féin tá ceann amháin do mhúinteoirí bunscoile agus dhá cheann do mhúinteoirí IBL ar fáil; ceann de chéad scoth faoi FCÁT ina measc.
- <FCÁT – Cad iad na bealaí is éifeachtaí le tacú le sainmhúinteoirí iar-bhunscoile teanga a chomhtháthú ina gcuid ábhar? Cás-staidéar ar chur chuige déach: pleanáil agus forbairt ghairme.> le Caitlín Ní Ruanaidh, Coláiste Feirste, Béal Feirste (IBL)
- <Cúrsaí ETIM – conas iad a chur le chéile?> le Miriam Ní Riain, Ollamh Cúnta i Mataoideachas, Scoil an Oideachais ETIM, Nuálaíocht & Staidéar Domhanda, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (BL)
💡 Lean Gaeloideachas ar YouTube agus beidh tú ar an eolas faoi gach físeán chomh luath agus atá siad ar fáil.