Treoir: Leathanach Facebook Scoile a Bhunú
Is bealach iontach é leathanach Facebook chun gníomhaíochtaí agus nuacht na scoile a phoibliú. Ar Facebook, is féidir libh eolas a roinnt le tuismitheoirí, leis an bpobal áitiúil, agus le grúpaí áitiúla ag an am céanna go héasca.
Céim 1: Cuntas Pearsanta
Is gá cuntas pearsanta a bheith agat chun leathanach a bhunú don scoil. Tá dhá chineál leathanach ann ar Facebook – na cinn phearsanta a bhíonn ag daoine aonair, agus na leathanaigh phoiblí a bhíonn ag gnólachtaí, grúpaí pobail, agus scoileanna mar shampla. Ní féidir leathanach ‘gnó’ a bhunú gan cuntas pearsanta. Má tá múinteoir nó ball foirne scoile sásta an leathanach a bhainistiú lena gcuntas féin, beidh siad in ann an leathanach a chruthú agus is féidir dul chuig an gcéad céim eile!
An rogha eile ná cuntas pearsanta (príobháideach) a chruthú don scoil, nach n-úsáidfear ach chun an leathanach ‘gnó’ nua a bhainistiú. Téigh chuig www.facebook.com agus brúigh ar “Create new account” ansin líon isteach na sonraí mar atá thíos, agus tabharfaidh Facebook treoir duit chun do chuntas nua a bhunú.
Beidh deis agat na socruithe a bhaineann le príobháideachas a roghnú, agus ba chóir eolas bunúsach amháin a roinnt agus na socruithe a choinneáil chomh príobháideach agus is féidir ionas nach gceapann daoine gur seo leathanach oifigiúil na scoile. Más maith leat do chuid socruithe a sheiceáil nó a athrú, brúigh ar an íomhá próifíl sa gcúinne ar dheis ag barr an scáileáin, agus roghnaigh ‘Settings & privacy’ anseo:
Ansin, roghnaigh ‘Privacy’ ar clé:
Beidh liosta roghanna ann agus má roghnaíonn tú ‘Edit’ ar aon cheann acu, beidh deis agat roghnú ó liosta cé na ndaoine a bheidh in ann gníomhaíochtaí an chuntais a fheiceáil, mar seo:
Céim 2: Leathanach nua a bhunú
Anois tá tú réidh le leathanach nua na scoile a bhunú! Ar clé an leathanaigh baile, feicfidh tú liosta roghanna. Téigh síos sa liosta agus brúigh ar ‘Pages.’
Ansin, roghnaigh ‘Create new Page’:
Beidh ort ainm an leathanaigh agus catagóir a roghnú ar dtús. Is fearr ‘School’ a roghnú mar chatagóir, agus beidh deis agat beagán eolais breise a scríobh faoin scoil sa mbosca ‘Bio.’ Ansin, brúigh ar ‘Create Page.’
Céim 3: Eolas breise a chur leis an leathanach
Comhghairdeas, tá leathanach Facebook na scoile tosaithe agat! Anois, cuirfidh Facebook roghanna os do chomhair chun eolas breise a chur leis an leathanach, mar shampla:
- Sonraí teagmhála
- Seoladh/Áit ina bhfuil an scoil lonnaithe
- Grianghraf próifíl (Is fearr lógó na scoile a chur anseo)
- Grianghraf clúdaigh (Pictiúir den fhoirgneamh, nó de phobal na scoile, mar shampla)
Is fiú an t-eolas seo a chur ar an leathanach ionas go mbeidh sibh feiceálach agus go dtuigfidh daoine conas teagmháil a dhéanamh libh.
Céim 4: An leathanach a phoibliú
Anois beidh ort pobal a thógáil agus daoine a chur ar an eolas go bhfuil sibh ar Facebook! Má tá tú fós ag leanúint na treoracha a thugann Facebook, beidh rogha agat cuireadh a thabhairt do do chairde (sé sin cairde atá agat ar do chuntas pearsanta) an leathanach a leanúint. B’fhiú go mór é seo a dhéanamh.
Má tá cuntas nua in úsáid agat don scoil, ná bí buartha – tá bealaí eile ann chun an leathanach a phoibliú. Iarr ar bhaill foirne (agus tuismitheoirí, más maith leat) dul chuig an leathanach agus cuirí a sheoladh óna gcuntais féin, mar seo:
An bhfuil naisc agaibh le heagraíochtaí áitiúla eile? Cuir ar an eolas iad go bhfuil leathanach Facebook nua agaibh, agus iarr orthu an nasc a roinnt ar a leathanaigh féin! Is féidir an t-eolas a roinnt le leathanaigh a dhíríonn ar chúrsaí áitiúla sa gceantar freisin, ar shuíomh idirlín na scoile, agus le Gaeloideachas, dár ndóigh! B’fhiú na leathanaigh áitiúla eile a leanúint freisin – ní gá ach dul chuig na leathanaigh sin agus an cnaipe ‘Like’ a bhrú.
Céim 5: Póstáil a roinnt
Chomh luath agus atá an leathanach bunaithe agat, beidh tú in ann do chéad póstáil a dhéanamh! Feicfidh tú thuas go bhfuil rogha agat físeán, grianghraf, nó téacs a roinnt. Is fearr grianghraf, físeán, nó íomhá éigin a chur leis an bpóstáil i gcónaí más féidir – feiceann níos mó daoine póstálacha a bhfuil íomhanna iontu ná cinn le téacs amháin.
Beidh tú in ann póstálacha a roinnt láithreach trí ‘Post’ a bhrú, nó cinn a sceidealú trí Meta Business Suite. Uaireanta bíonn sé úsáideach Meta a úsáid chun póstáil a sceidealú a bhaineann le hócáid nó imeacht faoi leith, mar shampla, nó díreach chun ceann a sceidealú ar maidin le dul in airde níos déanaí. De ghnáth, bíonn an líon is mó daoine ar líne ar Facebook um thráthnóna, timpeall ar 8i.n. agus mar sin, feicfidh níos mó daoine do chuid póstálacha má dhéanann tú iad a sceidealú don am sin.
Seo a fheicfidh tú nuair a roghnaíonn tú Meta Business Suite:
Nuair atá tuiscint níos fearr ag Facebook ar do lucht féachana, léireofar an t-am a bhíonn an chuid is mó acu ar líne, agus beidh tú in ann am a roghnú bunaithe air sin (nó am ar bith eile). Nuair atá sé sceidealta agus ar an bhféilire seo, rachaidh sé in airde go huathoibríoch ag an am ceart.
Moladh maith eile ná clib a chur ar eagraíochtaí eile a bheadh spéis ag a lucht leanúna ann – mar shampla, má tá imeacht spóirt ar siúl agaibh, d’fhéadfadh sibh clib a chur ar an gclub GAA áitiúil, nó má tá sibh ag iarraidh ticéid a dhíol don dráma scoile, cuir clib ar leathanaigh a roinneann nuacht ón gceantar áitiúil. Is féidir é seo a dhéanamh nuair atá póstáil á scríobh agat – déan “@” a chlóscríobh agus tosaigh ag scríobh ainm na heagraíochta, ansin cliceáil ar ainm na heagraíochta, mar shampla:
Moladh Breise: Rochtain
Má tá an leathanach díreach bunaithe agat, ní bheidh ach cuntas pearsanta amháin nasctha leis, agus ní bheidh sibh in ann póstáil a chur in airde ach trí logáil isteach leis an gcuntas sin. Faraor, ciallaíonn sin nach mbeidh sibh in ann aon rud a roinnt muna bhfuil an duine a bhfuil a c(h)untas pearsanta in úsáid ar fáil. Is féidir rólanna breise a chruthú ar an leathanach, agus mholfainn rochtain a thabhairt do dhuine nó beirt eile ar an bhfoireann ionas go mbeidh sibh fós in ann an leathanach a úsáid muna bhfuil an chéad duine ar fáil. Cliceáil ar ‘Manage’ ar an bpríomhleathanach:
Ansin, cliceáil ar ‘Page Access’ ar clé:
Feicfidh tú an leathanach seo:
Roghnaigh ‘Add New’ agus beidh tú in ann a roghnú cé na rudaí a bheidh cead ag na daoine nua a dhéanamh – mar shampla, teachtaireachtaí a sheoladh, póstálacha a chruthú, nó eile. Nuair a thugann tú ról do dhuine nua, gheobhaidh siad fógra ar Facebook agus beidh orthu glacadh leis an ról.
Polasaí, Dea-Chleachtais, agus Cosaint Pháistí
Ní mór cloí le polasaithe uile na scoile agus na meáin shóisialta in úsáid agaibh – go háirithe na polasaithe i dtaobh na meán sóisialta, grianghraif, agus caomhnú páistí. Ba chóir úsáid shábháilte agus fhreagrach a bhaint as na meáin shóisialta agus bhur leathanach Facebook nua. Bígí airdeallach gur ardán poiblí atá i gceist le Facebook.
Tá polasaí samplach bunúsach ar fáil ag Gaeloideachas gur féidir a oiriúnú do do chomhthéacs féin: https://gaeloideachas.ie/document/polasai-samplach-i-dtaobh-usaid-na-mean-soisialta/
Agus is féidir sampla praiticiúil cuimsitheach eile a fheiceáil ar shuíomh idirlín Ghaelscoil Cholmcille: http://gaelscoilcholmcille.ie/wp-content/uploads/2019/11/Polasa%C3%AD-do-na-me%C3%A1in-sh%C3%B3isialta.pdf
Anois, tá an buneolas agat chun tús a chur le do leathanach scoile nua – go n-éirí go geal leat! Má tá aon chúnamh nó eolas breise ag teastáil, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost a chur chuig clodagh@gaeloideachas.ie am ar bith agus bheadh muid sásta cabhrú leat.