Treoracha Bunscoile ón CNCM do Thuismitheoirí agus do Pháistí

Apr 16, 2026

Agus Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile á chur i bhfeidhm ag scoileanna, tá treoracha nua foilsithe ag CNCM chun faisnéis a sholáthar do thuismitheoirí agus do pháistí. Leis na treoracha sin, mínítear na príomhathruithe ar an gcuraclam agus léirítear a bhfuil i gceist leis na hathruithe sin d’fhoghlaim páistí agus conas is féidir le tuismitheoirí tacú leis an bhfoghlaim sa bhaile agus ar scoil.