Tuarascáil Bhliantúil 2020
D’imríomar uile tionchar, inár gcáil phearsanta agus ghairmiúil, i mbealaí éagsúla sa bhliain eisceachtúil, aisteach a bhí sa bhliain 2020. Tar linn ar thuras go bhfeicfidh tú an tionchar a d’imir Gaeloideachas sa bhliain chéanna.
Bliain ar leith a bhí ann, inar fhorbair foireann agus bord na heagraíochta bealaí nua, cruthaitheacha le freastal ar riachtanais ár mbaill agus na pobail a dhéanann muid seirbhísí a sholáthar dóibh. Ag obair linn ón mbaile, d’éirigh linn go leor a bhaint amach a bheidh chun leasa páistí agus daoine óga, a dtuismitheoirí agus a múinteoirí.
Misean Gaeloideachas ná go mbeidh sealbhú agus sóisialú na Gaeilge á chur chun cinn tríd an oideachas lán-Ghaeilge ón réamhscolaíocht go dtí an iar-bhunscolaíocht ar fud na tíre. Cad a rinneamar mar eagraíocht i 2020 lenar misean a chur i gcrích agus lenár bhfís a fhíorú – go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir agus caomhnóir ar oideachas lán-Ghaeilge ar ard-chaighdeán gurb é a rogha é dá gcuid páistí?
Léigh anseo Tuarascáil Bhliantúil 2020
Tabharfar achoimre ar a bhfuil sa Tuarascáil ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil na heagraíochta ar an 11 Feabhra, agus déanfar cinntí maidir le clár oibre na bliana romhainn. Cláraigh roimh mheánlae ar an 9 Feabhra le bheith linn.