30.09.2020 – Uimhearthacht agus Mata
Téama: Comhrá matamaitice a chothú trí thascanna “urlár íseal, síleáil ard”
Dírithe ar: Muinteoirí bunscoile
Am agus áit: 30 Meán Fómhair, 19.00, Zoom
Aoichainteoirí: Pádraig Ó Conchubhair, Gaelscoil Bhrian Bóroimhe
Is ceardlann speisialta í seo atá á cur ar fáil ag Gaeloideachas díreach roimh Sheachtain Mhata na hÉireann. Beidh ábhar na ceardlainne dírithe ach go háirithe ar ranganna sinsearacha na bunscoile (Rang a 3 go Rang a 6).
Díreofar ar roinnt de na ceisteanna seo le linn na ceardlainne:
- An luach atá le comhrá matamaitice a chothú sa seomra ranga bunscoile.
- Conas tabhairt faoi roinnt de na dúshlan a bhaineann le comhrá matamaitice a chur chun cinn i mbunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
- Conas leas a bhaint as tascanna matamaitice chun comhrá a chur chun cinn
- Conas leas a bhaint as tascanna matamaitice chun idirdhealú a éascú
Is múinteoir bunscoile é Pádraig Ó Conchubhair i nGaelscoil Bhrian Bóroimhe, Sórd, Baile Átha Cliath. Tá trí bhliain déag taithí aige ag múineadh trí mheán na Gaeilge mar aon le taithí léachtóireachta ag an tríú leibhéal in Institiúid Oideachais Marino. Tá máistreacht bainte amach aige in Oideachas Matamaitice i gColáiste Phádraig (DCU), agus tráchtas dar teideal “Tá sé deacair chun explain, math-talk in the All-Irish school setting” curtha i gcrích aige.
Cláraigh anseo agus seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir