Dréachtsonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sinsearaí T1 agus T2
+Release 03/11/2021
Embargo: 03/11/2021
Tá am fós ann tubaiste féideartha a iompú ina dheis iontach
Tá eagraíochtaí Gaeilge, Gaeltachta agus Mac Léinn ag éileamh ar an Taoiseach, ar an Aire Oideachais agus ar pholaiteoirí eile a chinntiú go ndiúltaítear do na moltaí reatha ón NCCA maidir leis na sonraíochtaí ardteiste, atá mar chuid de chomhairliúchán reatha, agus go dtapófar an deis a thugann an comhairliúchán seo chun fíor-athchóiriú a chinntiú a fhreastalaíonn go sásúil ar mhic léinn, mar atá leagtha amach i bplécháipéis a seoladh inniu.
Sheol eagraíochtaí Gaeilge, Gaeltachta agus Mac Léinn plécháipéis ar an gCéadaoin, 3 Samhain 2021, ag 1 i.n. lasmuigh de Theach Laighean a d’ullmhaigh Áine Hyland agus Fíona Uí Uiginn agus a thugann freagra ar dréachtsonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sinsearaí T1 agus T2 a foilsíodh do chomhairliúchán ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar an 23 Feabhra 2021.
Deir Fíona Uí Uiginn, duine d’údair na plécháipéise:
“Tá an-chuid mearbhaill, imní agus feirge mar thoradh ar mholtaí reatha an NCCA i measc go leor daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí agus daoine eile laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht agus oideachas meán Gaeilge. Creidimid go bhfuil deis anseo an tubaiste féideartha seo a iompú ina dheis iontach a d’fhéadfadh córas níos cothroime don Ghaeilge a bhaint amach a fhreastalóidh ar gach mac léinn, ó chainteoirí dúchais go mic léinn a bhfuil deacrachtaí foghlama acu. Nár cheart go mbeadh seo mar sprioc an chórais oideachais.“
Deir Áine Hyland, an t-údar eile den phlécháipéis:
“Leagann ár dtuarascáil amach go soiléir na deacrachtaí agus na fadhbanna a bhaineann leis na sonraíochtaí nua atá molta ag an CNCM le haghaidh comhairliúcháin agus creidimid gur cheart an córas T1 / T2 atá á mholadh acu a chur ar leataobh. Ní hamháin sin, ach mhol muid dhá mhodh chun fíor-athchóiriú a chinntiú a fhreastalódh go sásúil ar mhic léinn. Is é an chéad mhodh molta againn ná Sárleibhéal don Ghaeilge ag an ardteist le pointí breise CAO do mhic léinn a roghnaíonn é, mar go mbeadh an leibhéal seo níos dúshlánaí ná an tArdleibhéal. Is é an dara mhodh molta againn ná dhá ábhar Gaeilge don ardteist, ceann a ndéanfadh gach mac léinn staidéar air agus a bheadh bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE), agus ceann a bheadh ina ábhar roghnach, ar nós an mhata fheidhmeach, agus a dhíreodh ar litríocht, ar chruinneas, srl.”
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Tá na grúpaí a bhfuil baint acu leis an bplécháipéis seolta inniu seo a choimisiúnú ag éileamh ar an Taoiseach, ar an Aire Oideachais agus ar pholaiteoirí eile a bheith páirteach sa chomhairliúchán seo chun a chinntiú go ndiúltaítear do na moltaí reatha ón NCCA maidir leis na sonraíochtaí ardteiste, atá mar chuid de chomhairliúchán reatha, agus go glacfar leis an deis a thugann an comhairliúchán seo.”
Tá comhairliúchán an CNCM oscailte go dtí an 30 Samhain agus táimid ag moladh don oiread daoine agus is féidir páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán fíorthábhachtach seo.
Labhróidh údair na tuarascála, Fíona Uí Uiginn agus Áine Hyland, Shane Ó Coinn, Cathaoirleach An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge agus Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chomh maith ag 13.30 Dé Céadaoin, 3 Samhain faoin bplécháipéis seo agus faoi na moltaí atá istigh ann.
I measc na n-eagraíochtaí ar an gCoiste Oideachais a choimisiúnaigh an phlécháipéis, tá:
- An Foras Pátrúnachta
- An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge
- Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann
- Aontas na Mac Léinn in Éirinn
- CONCOS (Coiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh)
- Conradh na Gaeilge
- Gael Linn
- Gael Taca
- Gaeloideachas (eagraíocht náisiúnta ionadaíoch ar scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta)
- Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad
- Ógras
- SEALBHÚ (Lárionad do thaighde ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge DCU)
- Tuismitheoirí na Gaeltachta
- Údarás na Gaeltachta