Folúntais in Indreabhán d’Oibrithe Luathbhlianta; lánaimseartha agus páirtaimseartha.
Fáiltíonn an Crann Taca / Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT), Indreabhán, roimh iarratais do phoist mar Oibrithe Luathbhlianta; lánaimseartha agus páirtaimseartha.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi bhun cúig bliana d’aois. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach do na poist seo.
Is clúdach do shaoire mháithreachais é an post páirtaimseartha. Beidh an beirt atá ceaptha sa bpoist ag obair ó Luan go hAoine.
Seoltar iarratais agus CV faoina 5.00 i.n. Dé hAoine, 20 Eanáir 2023 chuig:
An Rúnaí,
An Crann Taca/Ionad Tacaíochta Teaghlaigh
Na hAille,
Indreabhán,
Condae na Gaillimhe.
Beidh eolas breise ar fáil maidir le sonraí an phoist ach teagmháil a dhéanamh le 091 399199 nó ríomhphost a sheoladh chuig ittancranntaca@gmail.com.
Is fostóir comhionannais deiseanna é an ITT.