Abhcóideacht, Cruinnithe agus Éilimh ar bhur son
Cumann Disléicse na hÉireann
Beidh cruinniú ag Gaeloideachas le Cumann Disléicse na hÉireann níos deireanaí an mhí seo. Tá muid ag súil go mór le tógáil ar an gcomhoibriú leis an eagaíocht agus ceisteanna tábhachtacha faoi riachtanais pháistí agus dhaoine óga a bhfuil disléicse orthu a phlé, mar aon le tacaíochtaí dá múinteoirí. Tá acmhainn úr nua á forbairt againn le chéile a bheidh ar fáil go luath freisin.
Ná déan dearmad go bhfuil an leabhrán a d’fhorbair Gaeloideachas le Cumann Disléicse na hÉireann ar fáil le hordú i gcónaí chomh maith!
- Students with Dyslexia in an Irish-medium school: Advice for Parents
- Daltaí a bhfuil Disléicse orthu i Scoil lán-Ghaeilge: Comhairle do Thuismitheoirí
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Bhí cruinniú an-fhiúntach ag Gaeloideachas le baill foirne ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta le linn an tsamhraidh. Bhuail Bláthnaid, Ciara agus an Dr Sinéad Nic Aindriú le John Kearney, Helen Walsh, Mandy McGarvey agus Cathy Connolly agus pléadh an t-uafás lena linn. I measc na réimsí a pléadh, bhí:
- tacaíochtaí agus acmhainní atá ag teastáil ón earnáil
- ceisteanna soláthair
- forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanais speisialta
- rúin ábhartha ó Chruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas
Tá muid ag súil leis an ngaol comhoibritheach seo a threisiú thar na míonna romhainn agus an CNOS ag fás agus ag forbairt agus guíonn muid gach rath orthu.