Ag Tacú le do Pháiste: Oideachas lán-Ghaeilge agus Riachtanais Speisialta Oideachais

Dec 9, 2020

Leabhrán NCSE (suíomh)

Tá an-áthas ar Gaeloideachas bheith in ann cur leis an réimse tacaíochtaí atá ar fáil do thuismitheoirí agus chúramóirí a bhfuil páiste le riachtanais speisialta oideachais acu. Tá leabhrán dátheangach úrnua díreach foilsithe againn dar teideal Ag Tacú le do Pháiste: Oideachas lán-Ghaeilge agus Riachtanais Speisialta Oideachais. Cuireadh an leabhrán seo le chéile i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) agus tá sé dírithe go sonrach ar thuismitheoirí a bhfuil páistí acu sa chóras lán-Ghaeilge nó orthu siúd atá ag smaoineamh ar an gcóras den chéad uair.

Tugtar eolas ar roinnt de na hábhair seo ann:
• Ag tacú le páistí réamhscoile
• Scoil a roghnú do do pháiste a bhfuil RSO aige nó aici
• Ag tacú le páistí ar scoil
• Tacaíocht do pháistí atá bodhar, a bhfuil allaíre orthu agus páistí atá dall nó páistí a bhfuil lagú radhairc acu

Tá muid cinnte go mbainfear an-leas as an leabhrán praiticiúil seo. I measc na n-acmhainní eile atá á bhforbairt againn faoi láthair agus a bheidh réidh go han-luath, tá bileog úr cheisteanna agus freagraí maidir leis an disléicse agus pacáiste mór acmhainní de chuid AsIAm atá curtha ar fáil i nGaeilge againn. Beidh siad seo le feiceáil ar ár leathanach speisialta atá dírithe ar riachtanais bhreise oideachais ar shuíomh Gaeloideachas www.gaeloideachas.ie/oideachas-speisialta/

Anuas air seo, tá muid ag súil go mór le breis ceardlann agus seimineár eolais ar an réimse fíorthábhachtach seo a chur ar siúl san athbhliain. Tá sé i gceist againn dhá cheardlann a chur ar fáil do mhúinteoirí bunleibhéil agus iar-bhunleibhéil maidir leis an disléicse sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus conas tacú go héifeachtach le scoláirí ina leith. Chomh maith leis seo, tá sé i gceist seimineár eolais ar an uathachas a chur ar siúl do thuismitheoirí i mí an Mhárta. Coinnigh siúl ar shuíomh Gaeloideachas www.gaeloideachas.ie/claraigh/ le breis eolais a fháil.

Déan íoslódáil ar an leabhrán nua anseo