Aiseolas ón seisiún Tae & Plé 24 Feabhra
Bhí slua breá i láthair don Tae & Plé ar an 24 Feabhra le smaointe agus taithí a roinnt ar a chéile maidir le riachtanais speisialta oideachais (RSO) sa naíonra. Táimid an-bhuíoch as bhur gcomhluadar ann, agus chomh fial is a mbíonn sibh leis na scéalta a roinnt linn. Cabhraíonn sé linn pleanáil níos fearr le freastal ar bhur riachtanais, agus leis an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní atá againn. Seo thíos tuairisc ar na mórphointí a tháinig chun cinn.
Seisiún oiliúna le saineolaí
Bheadh sé go maith seisiúin ceisteanna agus freagraí maidir le RSO sa naíonra a eagrú le saineolaí sa réimse. Sampla den chineál ceist a bheadh le freagairt ná: más Béarla atá ag an bpáiste sa bhaile, agus dúshláin foghraíochta acu, ar ceart athrá a dhéanamh ar na focail Bhéarla a úsáideann siad sa naíonra ar mhaithe le tacú lena bhforbairt teanga go ginearálta, fiú sa suíomh tumoideachais, áit a mbeifeá ag tabhairt an focal i nGaeilge do pháiste eile?
Cad iad na ceisteanna a bheadh agat féin do shaineolaí sa réimse seo? Ba bhreá linn ceisteanna a bhailiú agus seisiún a phleanáil dá réir. Seol do cheisteanna maidir le RSO sa naíonra chuig ciara@gaeloideachas.ie agus beimid ar ais chugaibh go luath le dáta don seisiún.
Seirbhísí seachtracha
Luadh an dúshlán atá ann teacht ar theiripeoirí a bhfuil tuiscint acu ar an tumoideachas, nó a bhfuil báúil i leith na Gaeilge, fiú, agus go bhfuil tuismitheoirí ag fáil comhairle gan a bpáistí a chur chuig an naíonra sa chás go bhfuil riachtanais bhreise acu. Tá Gaeloideachas ag plé cheana le NEPS (An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais) agus leis an NCSE (An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta) ar an gceist seo thar ceann na scoileanna agus má tharlaíonn a leithéid i do naíonra, le do thoil bí i dteagmháil linn agus déanfaimid gach iarracht plé leis na daoine cuí ina leith. Agus má tá duine agat le moladh, a chuir seirbhís mhaith ar fáil, tuairisc sin dúinn chomh maith le gur féidir linn a s(h)onraí a roinnt!
Pléadh dúshlán eile, nach mbíonn Gaeilge ag na cúramóirí AIM go minic, nó go gcuirtear na pleananna ar fáil i mBéarla amháin, gan a bheith in oiriúint don suíomh tumoideachais, agus go mbíonn obair sa bhreis i gceist ansin don naíonra. Féachfar iar seo a phlé lenár gcomhghleacaithe i gComhar Naíonraí na Gaeltachta. Luadh an rún a ritheadh ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil:
Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an coinníoll a cheangal le haon mhaoiniú a chuirtear ar fáil le seirbhís a sholáthar do naíonraí gur gá an tacaíocht sin a chur ar fáil i nGaeilge.
Ceardlann á mbeartú maidir le hUathachas sa naíonra
Tá Gaeloideachas ag obair leis an eagraíocht AsIAm, a chuireann eolas, áiseanna agus seirbhísí tacaíochta ar fáil mar a bhaineann le huathachas. Tá áiseanna nua forbartha dá réir, pas aistrithe agus seicliosta do na céadfaí, agus beidh siad ar fáil do na naíonraí go luath. Féachfar ar ceardlann a eagrú dírithe go sonrach ar Uathachas sa naíonra.
Cur chuige praiticiúil agus meon an-dearfach
Pléadh na straitéisí atá ag naíonraí le freastal ar riachtanais na bpáistí i mbealaí praiticiúla. Rud a thugann ardú croí do na múinteoirí naíonra ná an dearfacht a léiríonn páistí i leith riachtanais speisialta, go mbíonn siad go nádúrtha cineálta agus cairdiúil lena chéile beag beann ar éagsúlachtaí fisiciúla nó intleachtúla agus go dtugann siad aire dá chéile. Tá sé iontach bheith in ann an bhuairt sin a mhaolú do thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí le tosú sa naíonra.
Aithníodh gur féidir leis bheith deacair timpeallacht an naíonra a bhainistiú le freastal ar riachtanais pháistí a bhfuil dúshlán acu leis na céadfaí agus a chuireann torann ard imní orthu. Bíonn paistí ag aois an naíonra glórmhar go hiondúil agus iad i mbun spraoi. Roinn na múinteoirí naíonra cúpla leid maidir le conas cabhrú leis seo a mhaolú de réir riachtanais – feilt ar chosa na gcathaoireacha, puball mar áit chiúin, boscaí céadfaí agus suimeanna a bheith ar fáil; báisíní uisce, amadóirí gainimh, taos, teidí nó eile de réir suimeanna na bpáistí.
Ar an iomlán, bhí meon an-dearfach ann maidir le freastal ar RSO sa naíonra. Bhí na múinteoirí ar aon tuairim go mbíonn na páistí an-dearfach ina leith, gur beag suntas a thugann siad d’aon dúshlán a bhíonn ag paistí eile. Go minic is a mhalairt ar fad a bhíonn i gceist – bíonn an páiste le riachtanais bhreise mar chara ar leith ag na páistí. Tá sé álainn bheith in ann an taithí seo a roinnt le tuismitheoirí a bhfuil imní orthu maidir lena bpáiste a chur ag an naíonra.
Coinnigh súil amach d’fhógra maidir le ceardlanna ar an ábhar seo, mar sin, agus roinn bhur dtaithí agus bhur gceisteanna linn ag am ar bith trí ríomhphost a sheoladh chugainn.