Bainisteoir ag teastáil i Naíonra na nDéise
Tá Bord Bainistíochta Naíonra na nDéise ag lorg iarratais do bhainisteoir sa Naíonra. Post páirt-aimseartha ar chonradh ar théama seasta ó Lúnasa 2021 go Meitheamh 2022 a bheidh ann ar dtús. 35 uair a’ chloig in aghaidh na seachtaine a bheidh i gceist idir 8.45 a.m. agus 3.45 i.n., Luan go hAoine. Beifear ag súil le hiarratais ó dhaoine le;
- Gaeilge d’ardchaighdeán a scrúdófar le linn agallaimh.
- Íoscháilíocht de QQI Leibhéal 8 i gCúram Leanaí.
- Ardscileanna cumarsáide, eagrúcháin agus idirphearsanta.
- Bheadh taithí bainistíochta cuí inmhianaithe.
- Eolas ar riarachán agus reachtaíocht maidir le suíomh cúraim leanaí.
- Cur chuige páiste lárnach.
- Is gá don iarratasóir a bheith toilteanach páirt a ghlacadh sa phróiséas grinnfhiosrúchán roimh tús na hoibre agus toradh dearfach a bheith air seo.
Tá a thuilleadh eolais ar fáil ar www.educationposts.ie Ba cheart litir iarratais agus CV a sheoladh go leictreonach chuig ‘An Cathaoirleach’ trí postannagnd@gmail.com roimh an nDéardaoin 15ú Iúil 2021.