Bainisteoir Naíonra do Naíonra na nDéise
Tá bord bainistíochta Naíonra na nDéise (Bóthar Charraig Phiarais, Port Láirge) ag lorg iarrataisí do phost mar bhainisteoir Naíonra. Ba cheart go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge, cáilíochtaí cúram leanaí cuí agus tuiscint ar an tumoideachas. Ní ghlacfar le hiarratais scríofa as Béarla.
Ba cheart litir iarratais & CV a sheoladh trí ríomhphost chuig ‘An Cathaoirleach’ ag postannagnd@gmail.com
Spriocdháta: 02 Lúnasa 2024