Cuireadh Chun Tairisceana: Tionscadal Taighde
Cur Síos ar an Tionscadal Taighde
Anailís ar na hacmhainní reatha teagaisc agus foghlama do pháistí a bhfuil riachtanais oideachais bhreise acu sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun críche oiriúnacht; soláthar cuí agus easnaimh a aithint. Cuimsítear san anailís uirlisí measúnachta agus diagnóise ar raon leathan riachtanais oideachais bhreise.
Scóip: Baineann an taighde seo le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta san áireamh san athbhreithniú litríochta.
Tá dhá chéim i gceist leis an taighde seo, mar a rianaítear thíos.
Céim I
- Na catagóirí RSO is coitianta a shainiú laistigh d’fhráma an taighde seo.
- Athbhreithniú litríochta chun críche liosta acmhainní reatha (Gaeilge agus ginearálta/ Béarla) a aithint atá in úsáid sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an dá leibhéal.
- Grúpaí fócais le foirne RSO / múinteoirí tacaíochta foghlama ag an dá leibhéal chun moltaí, tuairimí a fháil ar a bhfuil ann agus a fheileann; ar a bhfuil ann agus nach bhfeileann; ar na heasnaimh.
- Anailís a dhéanamh ar na huirlisí measúnaithe agus diagnóise atá ann, de réir RSO a shainítear ag a thuas.
- Easnaimh ó d thuas a aithint.
- Páipéar comhairleach a fhorbairt ag eascairt as an athbhreithniú agus an plé sna fócasghrúpaí.
- Suirbhé a chur chuig scoileanna ar fad le haiseolas agus moltaí breise a lorg.
Na Ceisteanna Taighde:
- Céard iad na hacmhainní is feiliúnaí atá ann agus a mholtar a bheith i réim i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta mar a bhaineann le RSO
- Céard iad na huirlisí measúnaithe/diagnóise is feiliúnaí atá ann agus a mholtar a bheith i réim i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta mar a bhaineann le RSO
- Céard iad na bealaí ina bhféadfaí acmhainní agus a n-oiriúnacht a mheas agus a dhearbhú ag leibhéal scoile agus earnála.
- Céard iad na bealaí ina bhféadfaí uirlisí measúnaithe agus diagnóise agus a n-oiriúnacht a mheas agus a dhearbhú ag leibhéal scoile agus earnála.
Céim II: Torthaí taighde a chur ar fáil i bhfoirm plécháipéise ag eascairt as torthaí chéim 1.
- Bunachar údarásach a leagan amach den soláthar atá ann maidir le hacmhainní teagaisc agus foghlama
- Moltaí d’oiriúnú acmhainní/uirlisí ar leith
- Moltaí d’fhorbairt acmhainní / uirlisí ar leith as an nua.
Eolas mar a bhaineann leis an Tionscadal Taighde.
Rinneadh gach iarracht a chinntiú go bhfuil gach eolas is gá chun tairiscint a sholáthar ar fáil sa doiciméad seo. Sa chás go bhfuil soiléiriú ag teastáil faoi mhír ar bith, féadfar ríomhphost a chur chuig Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas blathnaid@gaeloideachas.ie (iarrtar ort cc a dhéanamh ar Chiara Ní Bhroin: ciara@gaeloideachas.ie).
An Próiseas Tairisceana:
Is gá d’institiúid, meithleacha taighde nó taighdeoirí aonair iarratas i scríbhinn a dhéanamh. Ní mór go gcuimseoidh gach iarratas:-
- Próifíl taighde agus CV an taighdeora / gach duine de na taighdeoirí a bheidh ag gabháil don obair.
- Sonraí maidir leis an gcur chuige beartaithe don taighde.
- Sonraí agus samplaí d’obair thaighde eile atá ábhartha/foilseacháin i réimse an taighde lena mbaineann.
- Modheolaíocht agus scála beacht ama mar a bhaineann le gach céim den taighde.
- Ráiteas costais. Ba cheart go mbeadh briseadh síos ar chostais uile an taighde beartaithe a bheith ann agus gach costas a bheith sonraithe in euro. Ní ceadmhach praghsanna a thugtar sa tairiscint a mhéadú le linn tréimhse an taighde. Ba cheart CBL, más cuí, a thaispeáint mar mhír ar leith.
Critéir Mheasúnaithe
Cuirfear na critéir seo a leanas san áireamh agus na hiarratais á meas:-
- Caighdeán agus ábharthacht an togra ó thaobh tuiscint a léiriú ar raon agus ar riachtanais an taighde.
- Saintuiscint agus saintaithí ar earnáil an oideachais lán-Ghaeilge.
- Saintuiscint agus saintaithí ar an RSO i gcomhthéacs scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
- Saintaithí agus cáilíochtaí i ndisciplín cuí.
- A oiriúnaí atá an dearadh taighde agus an plean oibre beartaithe, lena n-áirítear a oiriúnaí atá na modhanna bailithe sonraí.
- Taithí i dtaighde agus foilseacháin taighde ar ardchaighdeán a chur ar fáil i réimse an tionscadail taighde;
- Soiléireacht agus éifeacht an chur chuige taighde beartaithe;
- Léiriú ar indéantacht an chur chuige taighde laistigh den bhfráma ama luaite;
- Luach ar airgead agus buiséad an taighde mar aon leis an gcumas feidhmiú laistigh den bhuiséad;
- Acmhainní agus scileanna an taighdeora/na meithle taighde, agus
- A shoiléire agus a chomhtháite atá an scríbhneoireacht san iarratas.
Glacfar le hiarratais ó thaighdeoirí aonair agus le comh-iarratais ó mheitheal de thaighdeoirí.
Féadfaidh Gaeloideachas gearrliosta a thiomsú agus cuireadh a thabhairt do thaighdeoirí cur i láthair a dhéanamh don eagraíocht. Forchoimeádaimid an ceart an conradh a bhronnadh ar bhonn aighneacht na tairisceana amháin.
Fráma Ama Táscach: Ní mór an taighde a chur i gcrích roimh dheireadh 2020.
Buiséad Táscach: €14,000
Dualgais Chonartha
Tá dualgas ar an/na taighdeoir(í) cloí le ceanglas na dtéarmaí tagartha agus le cearta maoine intleachtúla, agus na prionsabail um chosaint sonraí a chomhlíonadh, agus gan fáisnéis faoi rún nó faoi phribhléid a nochtadh.
Conas Tairiscint a chur isteach
Ní mór tairiscintí a sheoladh ar ríomhphost chuig blathnaid@gaeloideachas.ie agus iad a bheith faighte roimh dheireadh an lae 28.08.2020
Fógraítear do thaighdeoirí gurb iad féin a bheidh freagrach as an togra a sholáthar, agus nach mbreithneofar tograí a gheofar tar éis an sprioc-ama. Ní ghearrtar aon táille ar phróiseas tairisceana Gaeloideachas agus ní ghlacann Gaeloideachas freagracht as eolas a chuireann nó nach gcuireann tríú páirtithe ar fáil.