Cuntas Youtube don Naíonra
Buntáistí a bhaineann le cuntas Youtube a bhunú
• Cabhraíonn na físeáin amhránaíochta agus drámaíochta leis an saibhreas agus sealbhú teanga
• Is féidir na físeáin uilig a stóráil in aon áit amháin
• Bíonn rochtain agat ar na bhfíseán go tapaidh agus go héasca
• Is féidir smaointí a mhalairt le daoine eile, ó thaobh an cheoil, drámaíocht, scéalaíocht de srl
• Is féidir seinnliostaí éagsúla a chruthú agus a rangú
• Is acmhainn bhreise don seomra ranga í
• Is uirlis mhaith í le caidreamh a chothú le tuismitheoirí sa bhaile
• Is poiblíocht iontach don naíonra é, is féidir an cuntas a roinnt le tuismitheoirí nua ag oícheanta eolais srl
Conas Cuntas Youtube a Bhunú
- Cuardaigh: www.youtube.com
- Sínigh isteach le do chuntas ríomhphost Gmail, m.sh: naionraxxx@gmail.com Beidh do phasfhocal don chuntas ríomhphost Gmail ag teastáil anseo.
- Mura bhfuil cuntas Gmail agat cheana, is féidir ceann a chruthú.
.
- Ar bharr an leathanach ar dheis, brú ar do lógó nua. Brú ar ‘create a channel’.
- Lean na treoracha ar an scáileáin.
- Roghnaigh ainm úsáideora duit féin. Naíonra XXX mar shampla.
- Déan griangraf a uaslódáil chuig an gcuntas nua. Is fiú lógó an naíonra a úsáid anseo, má tá ceann agaibh.
- Líon isteach na bearnaí a iarrtar ort líonadh. Is fiú eolas ginearálta faoin naíonra a chur isteach anseo – i.e, ainm an naíonra, seoladh an naíonra, stair a bhaineann leis an naíonra agus míniú ar cén fáth a bhfuil sibh ag bunú cuntas Youtube don naíonra. Is fiú nasc a chur ann chuig suíomh idirlíon an naíonra, chomh maith le sonraí teagmhála agus meáin shóisialta an naíonra, más ann dó.
- Is féidir físeáin a uaslódáil ón ríomhaire anois.
- Ní gá ach na treoracha a leanúint. Tógann sé roinnt ama don fhíseán uaslódail ón deasc go dtí Youtube. Nuair atá sé uaslódáilte agus 100% sroiche aige, is féidir ainm a chur air agus sonraí breise a chur ann a mheallfaidh lucht féachana.
- Más mian leat seinnliosta a chruthú lán le físeáin éagsúla ó dhaoine eile ar Youtube, ní gá ach an físeán a aimsiú agus brú ar ‘save’ faoina bhun. Brú ar ‘create new playlist’ agus lean na treoracha ó shin ar aghaidh.
- Féach ar seinnliosta ‘Naíonra’ atá ag Gaeloideachas anseo le roinnt smaointí a fháil.
Bain triail as seinnliosta a chruthú agus cúpla físeán éagsúla a chur leis. Déan é a roinnt leis na tuismitheoirí sa bhaile nuair atá tú réidh!