Deis Naíonra a Reáchtáil: Gaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh 🟥⬜
Tá Naíonra á pleanáil ag Gaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh. Tá cead pleanála acu agus tá siad ag feitheamh ar faomhadh Tusla faoi láthair.
Tá an scoil ag fógairt ag lorg duine nó eagraíocht leis an Naíonra nua a reáchtáil ar bhonn neamhspleách den Ghaelscoil féin. Beidh an láthair saor ó chíos don chéad bliain agus ag ardú i dtreo iomlán cíosa thar na blianta tosaigh. Beidh seomra agus gáirdín céadfaí ar fáil chomh maith le háiseanna breise.
Is féidir iarratais a sheoladh mar ríomhphoist chuig gscobhiarratais@gmail.com roimh 31 Márta. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hoifig na scoile ar 021 4811283 le haon fiosrúcháin.