Deiseanna Fostaíochta le Coláiste Feirste 🟨⬜

Tá Coláiste Feirste ag lorg múinteoirí láncháilithe leis na hábhair seo thíos a theagasc as Gaeilge:
Riachtanach:
- múinteoir cáilithe, aitheanta ag GTCNI faoi Mheán Fómhair 2024
- ardchaighdeán Gaeilge
- céim san ábhar nó staidéar mar chuid de chéim (B.Oid. san áireamh)
7 x Post bliana agus féidearthacht le conradh buan amach anseo:
- Mata
- Eolaíocht
- Béarla
- Stair
- Tíreolaíocht
- Gaeilge
- Ábhair ghinearálta
(céim in ábhar teagaisc ag A-L)
Is féidir go gceapfaidh an Painéal gearrliosta d’fholúntais a tharlóidh taobh istigh de 6 mhí.
Ceapfar múinteoirí atá cumasach agus díograiseach agus a chuirfidh le fís agus éiteas Gaelach an Choláiste trí sheachadadh éifeachtach an churaclaim agus trí pháirt ghníomhach a imirt in imeachtaí seach-churaclaim.
Le tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais a fháil,
glaoitear ar Choláiste Feirste – Guthán: 028.9032.0707
nó is féidir foirm a iarraidh ar sheoladh ríomhphoist: cuidhomhnaill142@c2kni.net
nó a íoslódail ón tsuíomh idirlín: www.ColaisteFeirste.org
Caithfidh foirmeacha iarratais bheith ar ais ag an Choláiste trí ríomhphost chuig info@colaistefeirste.belfast.ni.sch.uk roimh mheánlae Dé Máirt 26 Márta 2024.
Is fostóir comhdheiseanna Coláiste Feirste.
Is é an t-aon iarbhunscoil lánGhaeilge i mBéal Feirste é Coláiste Feirste. Is scoil chuimsitheach í a fhreastalaíonn ar riachtanais gach ábaltachta. Tá sé tiomanta don tsíorfhorbairt agus don tsíorfheabhsú agus bíonn deiseanna maithe don fhorbairt ghairme ann.
Coláiste Feirste
Teach Ard na bhFeá
7 Páirc Radharc na bhFeá
Béal Feirste
Condae Aontroma
BT127PY
Fón: 028 90320707
www.ColaisteFeirste.org