Diantumadh éifeachtach san Iar-bhunscoil

Sep 16, 2020

Téama: Scaradh teanga agus scaradh sóisialta: Tábhacht an diantumtha agus straitéisí praiticiúla ina leith ag leibhéal na hiar-bhunscoile

Dírithe ar: Múinteoirí iar-bhunscoile

Am agus áit: 22 Meán Fómhair, 19.00, Zoom

Aoichainteoirí: Sarah Ní Dhuinnín, Coláiste Mhuire gan Smál agus Sinéad Nic Stiofáin, Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Beidh ceardlann thábhachtach ar siúl ag Gaeloideachas thar Zoom ar an 22ú Meán Fómhair do mhúinteoirí agus phríomhoidí iar-bhunscoile ar an tábhacht a bhaineann le diantumadh éifeachtach ag leibhéal na hiar-bhunscoile ag tús na scoilbhliana seo de dheasca cúinsí a bhaineann le COVID-19. Roinnfear straitéisí praiticiúla agus moltaí le linn na ceardlainne a mbeidh múinteoirí in ann a chur i bhfeidhm ina seomraí ranga féin.

Le linn tréimhse dhúnta na scoileanna, ní raibh an teagmháil chéanna ag go leor scoláirí leis an nGaeilge – teagmháil atá riachtanach le cur lena gcuid scileanna agus saibhris teanga. Céard is féidir le hiar-bhunscoileanna a dhéanamh anois le cinntiú go bhfuil go leor deiseanna fiúntacha ag na scoláirí bheith diantumtha go héifeachtach sa teanga?
Díreofar ar roinnt de na ceisteanna seo le linn na ceardlainne:

  • Conas pleanáil agus cur chuige uile scoile a spreagadh i leith an diantumtha ag tús na scoilbhliana seo?
  • Conas a chinntítear ag leibhéal uile scoile go bhfuil idirghníomhaíochtaí saibhre, comhleanúnacha agus ardchaighdeáin ag na scoláirí?
  • Conas leas a bhaint as an teagasc le cuidiú teicneolaíochta chun tacú le diantumadh a éascú?

Cláraigh anois ar ár suíomh: https://gaeloideachas.ie/claraigh/?lang=ga

Déanfar taifead ar an seimineár seo agus beidh sé ar fáil ar ár gcainéal YouTube ina dhiaidh.