Aighneacht ag freagairt don chomhairliúchán ar Céim

Aighneacht a chuir Gaeloideachas isteach mar chuid den athbhreithniú ar Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí á riaradh ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Is é Céim beartas na Comhairle Múinteoireachta ina leagtar amach na caighdeáin atá riachtanach do chreidiúnú na gclár d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) in Éirinn, a chinntíonn go bhfuil céimithe incháilithe chun clárú mar mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile leis an gComhairle. I measc na réimsí a pléadh in aighneacht Gaeloideachas, bhí soláthar múinteoirí, múineadh na Gaeilge, ionchuimsitheacht agus ceangail idir na leibhéil. Dáta aighnithe: Márta 2026

Cluichí boird sa seomra ranga

Spreag comhrá as Gaeilge idir na daltaí le cluichí boird (cluichí cláir). Cleachtann siad sealaíocht, nó uainíocht, a dhéanamh agus nuair atá lá fliuch ann bíonn an-spraoi acu. Dar ndóigh tá slí cheart leis seo a chur i bhfeidhm i seomra ranga, agus slite eile nach...