An Turas Scoile: Nuachtlitir do Thuismitheoirí (Feabhra 2022)

Nuachtlitir dhátheangach do thuismitheoirí agus caomhnóirí a bhfuil páistí acu sa chóras lán-Ghaeilge. San eagrán seo, roinntear eolas maidir le físeáin nua Déan Comhrá, conas iar-bhunscoil nua a bhunú, léitheoireacht, comórtais, imeachtaí as Gaeilge do theaghlaigh, agus tuilleadh eolais agus acmhainní do thuismitheoirí.

Ag Aistriú ón Naíonra go dtí an Bhunscoil | Transitioning from the Naíonra to the Primary School

Réidh, socair agus sásta – tús maith, leath na hoibre!
Is céim mhór chun cinn é an t-aistriú ón naíonra go dtí an bhunscoil, agus is fiú rudaí beaga a dhéanamh le cabhrú leat agus le do pháiste ullmhú chuige.

Moving from the naíonra to primary school is a big step forward. It can be helpful to take some small steps to help you and your child to prepare.