Fócasghrúpaí RSO – Rannpháirithe ag Teastáil

Jan 5, 2021

Taighde RSO

An múinteoir oideachais speisialta thú i scoil lán-Ghaeilge nó Ghaeltachta? Suim agat cabhrú le taighde sa réimse fíorthábhachtach seo, smaointe a roinnt, bearnaí maidir le hacmhainní agus tacaíochtaí a thuairisciú?

Tá Gaeloideachas ag lorg rannpháirtithe d’fhócasghrúpaí nó agallaimh bheaga mar chuid de phíosa taighde ar riachtanais speisialta oideachais.
Beidh na hagallaimh ag díriú ar na nithe seo:
  1. na hacmhainní measúnaithe, teagaisc agus foghlama atá ar fáil faoi láthair agus atá in úsáid
  2. na dúshláin a bhaineann le rochtain a fháil ar na hacmhainní seo trí Ghaeilge chun daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a theagasc
  3. na hacmhainní a theastaíonn trí mheán na Gaeilge agus tú ag múineadh daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
Má tá tú sásta páirt a ghlacadh agus do chuid tuairimí a roinnt, bheadh muid an-bhuíoch díot as bheith rannpháirteach. Ní gá ach ríomhphost a chur chuig Sinéad Nic Aindriú ag sinead.andrews@dcu.ie le bheith san áireamh!