Fógra Poist: Leas-Bhainisteoir Cúraim Leanaí

Feb 27, 2023

An Crann Taca, Indreabhán

Fáiltíonn an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT) / An Crann Taca, Indreabhán, Co. na Gaillimhe roimh iarratais ar phost mar Leas-Bhainisteoir Cúraim Leanaí. Beidh an té a cheapfar freagrach as cabhrú le riaradh agus bainistiú sheirbhísí an ITT ina n-iomláine, idir na seirbhísí naíolainne, naíonraí, chlubanna bricfeasta agus seirbhísí iarscoile.
Ní mór d’iarrthóirí taithí sa réimse cúraim leanaí a bheith acu agus cáilíocht Leibhéal 6 nó níos airde i gCúram Leanaí (QQI/FETAC nó a chomhionann). Tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach don phost.

Seoltar iarratais agus CV faoina 5.00 i.n. Dé hAoine, 10 Márta 2023 chuig:
An Rúnaí,
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh / An Crann Taca
Na hAille,
Indreabhán,
Condae na Gaillimhe.

Beidh eolas breise ar fáil maidir le sonraí an phoist ach teagmháil a dhéanamh le 091-593132 nó ríomhphost a sheoladh chuig ittancranntaca@gmail.com.
Is fostóir comhionannais deiseanna é an ITT.