Fógra Poist: Riarthóir Airgeadais agus Oifige

Feb 27, 2023

An Crann Taca, Indreabhán

Fáiltíonn an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT) / An Crann Taca, Indreabhán, Co. na Gaillimhe roimh iarratais ar phost mar Riarthóir Airgeadais agus Oifige. Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh airgeadais agus obair oifige an ITT, faoi stiúir an Bhainisteora.
Ní mór d’iarrthóirí taithí riaracháin a bheith acu, agus bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse ina bhuntáiste. Tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach don phost.
Scála tuarastail: €28,000 – €30,000

Seoltar iarratais agus CV faoina 5.00 i.n. Dé hAoine, 10 Márta 2023 chuig:
An Rúnaí,
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh/An Crann Taca
Na hAille,
Indreabhán,
Condae na Gaillimhe.

Beidh eolas breise ar fáil maidir le sonraí an phoist ach teagmháil a dhéanamh le 091-593132 nó ríomhphost a sheoladh chuig ittancranntaca@gmail.com.
Is fostóir comhionannais deiseanna é an ITT.