Fógra Post: Oibrithe Luathbhlianta (Lánaimseartha agus Páirtaimseartha)
Fáiltíonn an ITT / An Crann Taca in Indreabhán, Co. na Gaillimhe roimh iarratais do phoist mar Oibrithe Luathbhlianta inár naíonraí agus naíolann. Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/FETAC nó a chomhionann) a bheith acu. Tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach do na poist seo.
Seoltar iarratais agus CV chuig:
An Rúnaí,
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh / An Crann Taca
Na hAille,
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe.
Beidh eolas breise ar fáil maidir le sonraí an phoist ach teagmháil a dhéanamh le 091-593132 nó ríomhphost a sheoladh chuig ittancranntaca@gmail.com.
Is fostóir comhionannais deiseanna é an ITT.