Folúntais le Gaelcholáiste Dhoire, Caisleán Dhún Geimhin

Mar 30, 2023

  1. Múinteoir Sinsearach Lánaimseartha
  2. Múinteoir Lánaimseartha (Trí phost)
  3. Cúntóir Ranga RSO (5 phost)
  4. Teicneoir Teicneolaíochta/Ealaíne

1. Múinteoir Sinsearach Lánaimseartha 4 phointe bainistíochta.

Critéir riachtanacha:
· Cáilithe mar mhúinteoir agus cláraithe le Comhairle Ghinearálta Teagaisc Thuaisceart na hÉireann (GTCNI) faoin am a dtosófaí sa phost
· Ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa
· In ann, trí cháilíocht nó trí thaithí chuí, dhá ábhar ar a laghad a theagasc ag Eochairchéim 4
· Taithí ar bhainistíocht an churaclaim nó an tréadchúraim ar leibhéal uile-scoile

Critéir inmhianaithe:
· Taithí bliain amháin ar a laghad mar Mheánbhainisteoir i scoil (le liúntas 2 phointe)
· Taithí ar ábhar a theagasc ag EC5
· Taithí ag teagasc i scoil tumoideachais
· Taithí ag déanamh soláthair do shainriachtanais oideachais
· Cáilíocht iarchéime san oideachas – PQH, Máistreacht nó a mhacasamhail

Bheadh Bord Gobharnóirí Ghaelcholáiste Dhoire sásta socrú a dhéanamh le múinteoir a ghlacadh ar thréimhse iasachta.


2. Múinteoir Lánaimseartha (3 phost).

Critéir riachtanacha:
· Cáilithe mar mhúinteoir agus cláraithe le Comhairle Ghinearálta Teagaisc Thuaisceart na hÉireann (GTCNI) faoin am a dtosófaí sa phost
· Ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa
· In ann, trí cháilíocht nó trí thaithí chuí, dhá ábhar ar a laghad a theagasc ag Eochairchéim 4

Critéir inmhianaithe:
· Ábhar amháin ar a laghad, trí cháilíocht nó trí thaithí chuí, a theagasc ag EC5
· Ábhar amháin ar a laghad, trí cháilíocht nó trí thaithí chuí, a theagasc ón liosta ábhar thíos
· Taithí ag teagasc i scoil tumoideachais
· Taithí ag déanamh soláthair do shainriachtanais oideachais
· Bheith in ann cur le himeachtaí seach-churaclaim na scoile

D’fháilteodh Gaelcholáiste Dhoire go háirithe roimh iarratasóirí ar féidir leo na hábhair seo a leanas a theagasc: Liosta Ábhar: Eolaíocht, Béarla, Drámaíocht, TFC, Eacnamaíocht Bhaile, Mata, Teicneolaíocht, Cúram Sláinte agus Sóisialta, Spáinnis agus Ábhair Ghinearálta. Cé gur conradh bliana atá sna poist thuas, coinníonn Bord Gobharnóirí Ghaelcholáiste Dhoire de cheart acu féin conradh buan a bhronnadh ar iarratasóir ag brath ar an taithí agus ar na cáilíochtaí atá aige/aici.

D’fháilteodh Gaelcholáiste Dhoire roimh iarratais phostroinnte/pháirtaimseartha do na poist mhúinteoireachta thuas fosta.


3. Cúntóir Ranga RSO (5 phost)

Post bliana, le féidearthacht go ndéanfaí buan é (30 uair in aghaidh na seachtaine).


4. Teicneoir Teicneolaíochta/Ealaíne

Post bliana, le féidearthacht go ndéanfaí buan é (30 uair in aghaidh na seachtaine).


Déanfar measúnú ar chumas Gaeilge scríofa agus labhartha an iarratasóra le linn an phróisis earcaíochta.
Beidh sé de cheart ag an phaineál ceapacháin na critéir inmhianaithe a chur i bhfeidhm nó iad a bhreisiú chun an gearrliostú a éascú.
Cé gur conradh bliana atá sna poist thuas, coinníonn Bord Gobharnóirí Ghaelcholáiste Dhoire de cheart acu féin conradh buan a bhronnadh ar iarratasóir ag brath ar an taithí agus ar na cáilíochtaí atá aige/aici.

Déanfar múinteoirí a cheapadh bunaithe ar riachtanais ábhair na scoile.

Tá poist a bhaineann le hobair in institiúidí oideachasúla faoi réir fhorálacha an Ordaithe um Chosaint Páistí agus Daoine Fásta Leochaileacha (TÉ) 2007.

Is féidir na critéir, foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le hoifig na scoile: info@gcd.doire.ni.sch.uk nó 028 777 41015

Dáta deiridh le haghaidh iarratais: 14:00 An Aoine 21 Aibreán 2023

NÍ GHLACFAR LE hIARRATAIS MHALLA

Agallaimh:
Múinteoir Sinsearach: 21 Aibreán 2023
Múinteoirí: 28 Aibreán 2023