FOLÚNTAIS: Maoirseoirí & Cleachtóirí Iarscoile

Aug 12, 2020

KIDS INC

Cur Síos ar an bPost: Poist Iarscoile – Maoirseoirí agus Cleachtóirí
Ag Kids Inc tairgimid Seirbhís ghairmiúil ‘Lasmuigh d’Uaireanta Scoile’ do leanaí bunscoile.
Tá ár gclár iarscoile agus spóirt bunaithe ar spraoi agus súgradh ag cinntiú go bhfuil atmaisféar difriúil ann le hais mar a bhíonn sa seomra ranga. Is é an aidhm atá againn foghlaim na leanaí ó lá go lá a leathnú ach iad a bheith rannpháirteach i raon clár cruthaitheach agus spóirt a spreagfaidh iad a bheith gníomhach ar bhonn fisiceach, cognaíoch, go sóisialta agus go mothúchánach.
Tá Kids Inc ar thóir Maoirseoirí agus cleachtóirí oilte le dhul ag obair leis an bhFoireann Iarscoile. Féach na róil agus na freagrachtaí thíos maidir le gach post.

1) Maoirseoir Foirne (Post Páirtaimseartha Buan bunaithe in ionad Iarscoile)
Príomhdhualgais agus freagrachtaí:
  • Foireann a bhainistiú, agus a bheith freagrach as dualgais a thabhairt amach
  • Bainistiú laethúil an ionaid, lena n-áirítear obair riaracháin agus tuairiscí a chur i gcrích
  • Gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh a phleanáil agus a fhorbairt ag brath ar spéiseanna na leanaí agus ar gníomhaíochtaí sceidealaithe an ionaid
  • Maoirsiú agus tacaíocht do na Leanaí Iarscoile chun obair bhaile a dhéanamh ar a luas féin
  • Cruinnithe seachtainiúla foirne a chomhordú lena chinntiú go mbeidh cumarsáid éifeachtach ann agus go mbeidh cóitseáil agus gníomhaíochtaí spóirt pleanáilte i gceart
  • Folláine na leanaí a bhreathnú, a fhaire agus a thaifeadadh nuair is gá.
  • Taifid chruinne a choimeád maidir le tinreamh na leanaí, mar aon le taifid eile rialála.
  • Comhpháirtíochtaí daingne, éifeachtacha, oibre a choimeád le tuismitheoirí d’fhonn folláine a gcuid leanaí a chinntiú.
  • Bualadh le tuismitheoirí ar bhealach dearfach agus cairdiúil gach lá.
  • Tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi aon imeachtaí ar féidir leo cabhrú leo nó a bheith rannpháirteach iontu.
2) Cleachtóir Iarscoile (Post Páirtaimseartha Buan bunaithe in ionad Iarscoile)
Príomhdhualgais agus freagrachtaí:
  • Maoirsiú agus tacaíocht do na Leanaí Iarscoile chun obair bhaile a dhéanamh ar a luas féin
    Gníomhaíochtaí faoi dhíon nó faoin aer a chur ar bun ag brath ar spéiseanna na leanaí agus ar gníomhaíochtaí sceidealaithe an ionaid
  • Folláine na leanaí a bhreathnú, a fhaire agus a thaifeadadh nuair is gá.
  • Taifid chruinne a choimeád maidir le tinreamh na leanaí, mar aon le taifid eile rialála.
  • Comhpháirtíochtaí daingne, éifeachtacha, oibre a choimeád le tuismitheoirí d’fhonn folláine a gcuid leanaí a chinntiú.
  • Bualadh le tuismitheoirí ar bhealach dearfach agus cairdiúil gach lá.
  • Tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi aon imeachtaí ar féidir leo cabhrú leo nó a bheith rannpháirteach iontu.
Le bheith i d’iarrthóir rathúil do na róil mar Mhaoirseoir agus Cleachtóir:
  • Ní mór duit 2 bhliain taithí ar a laghad a bheith agat ag obair le leanaí idir 4-14 bliana déag le haghaidh an róil mar Chleachtóir. Bheadh Fetac L5 i gcúram leanaí inmhianaithe.
  • Tá Cáilíocht i gcorpoideachas / aclaíocht inmhianaithe Taithí ar Ealaíona agus Ceardaíocht Béarla líofa
  • Meon dinimiciúil agus solúbtha maidir le taisc Sárscileanna cumarsáide
  • Le haghaidh na bpost atá againn i nDroichead Átha/ Co. na Mí tá sárscileanna scríofa agus cumarsáide i nGaeilge riachtanach toisc gur scoil Ghaeltachta í.
  • Le haghaidh na bpost atá luaite thuas, tá láncheadúnas tiomána glan AE agus do charr féin i gcomhair na hoibre inmhianaithe (chun leanaí a bhailiú ón scoil)
  • Tabhair faoi deara go gcuirfear oiliúint ionduchtúcháin ar fáil.
  • Ní mór do na hiarrthóirí a bheith ar fáil i rith am scoile (lena n-áirítear sosanna lár téarma) ó mhí Mheán Fómhair go Meitheamh san iarnóin.
Cuirfear na poist sin ar bun ag deireadh mhí Lúnasa 2020
Má tá spéis agat i gceachtar de na poist sin, seol do CV agus do litir chumhdaigh chugainn i mBéarla hr@kidsinc.ie