Folúntais: Múinteoirí Ábhar i gColáiste Feirste
Tá Coláiste Feirste ag lorg múinteoirí láncháilithe leis na hábhair seo a leanas a theagasc trí mheán na Gaeilge:
- Mata
- Eolaíocht
- Drámaíocht
- Béarla
- Teicneolaíocht
- Gaeilge
- Ábhair ghinearálta (céim in ábhar teagaisc ag A-L)
Is féidir go gceapfaidh an Painéal gearrliosta d’fholúntais a tharlóidh taobh istigh de 6 mhí. Ceapfar múinteoirí atá cumasach agus díograiseach agus a chuirfidh le fís agus éiteas Gaelach an Choláiste trí sheachadadh éifeachtach an churaclaim agus trí pháirt ghníomhach a imirt in imeachtaí seach-churaclaim.
Caithfidh foirmeacha iarratais bheith ar ais ag an Choláiste trí ríomhphost chuig info@colaistefeirste.belfast.ni.sch.uk roimh mheánlae Dé Céadaoin 19 Aibreán 2023.