Folúntais: Oideoir Naíonra agus Ceannaire Iarscoile i Naíonra na nDéise
Is iad na cáilíochtaí agus na scileanna a bheidh ag teastáil ón iarrthóir rathúil don phost mar Oideoir Naíonra ná;
• Íoscháilíocht de FETAC Leibhéal 5 i gCúram Leanaí.
• Caighdeán maith Gaeilge chumarsáide.
• Taithí praiticiúil i suíomh cúram leanaí.
• Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta.
• Fianaise den fhorbairt ghairmiúil.
• Grá agus cúram do leanaí óga agus tús áite a thabhairt dá riachtanais i gcónaí.
Cineál conartha: téarma seasta agus páirt-aimseartha
Beidh an té a cheapfar mar Cheannaire Iarscoile i bhfeighil ar rith laethúil an chlub iarscoile. Freastalaíonn daltaí ó Ghaelscoil na nDéise ar an gClub Iarscoile sa naíonra idir 1.30 i.n. agus 5.30 i.n.
Beifear ag súil go mbeadh na scileanna agus an taithí seo a leanas ag an iarrthóir rathúil;
• Gaeilge líofa a bheith aici/aige.
• Taithí phraiticiúil de bheith ag obair le leanaí bunscoile.
• Taithí ar bhainistiú foirne.
• Scileanna maithe cumarsáide, eagrúcháin agus idirphearsanta.
Cineál conartha: téarma seasta agus páirt-aimseartha
Pá iomlán ag brath ar na cáilíochtaí agus ar an taithí atá ag na hiarrthóirí rathúla.
Seol litir iarratais, Curriculum Vitae agus sonraí de bheirt mholtóir chuig postannagnd@gmail.com roimh 10.00 r.n. an 7ú Lúnasa 2023.
Suíomh: www.gaelscoilnandeise.ie
Duine teagmhála: Tracey Mhic Gearailt
Ríomhphost: postannagnd@gmail.com
Spriocdháta: 07/08/2023