Folúntais: Teagascóir Socrúcháin Scoile, Institiúid Oideachais Marino

Jul 14, 2023

An múinteoir bunscoile thú atá ar shos gairme,ar scor nó ar scéim post-roinnte? Tá iarratais oscailte anois do mhúinteoirí paiseanta le maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn i scoileanna lán-Ghaeilge agus/nó i scoileanna Gaeltachta in Iarthar na hÉireann. Poist Pháirtaimseartha Shealadacha atá i gceist.

Riachtanais: 

  • Cáilíocht mar Mhúinteoir Bunscoile, a cháilíonn an t-iarrthóir le clárú leis angComhairle Mhúinteoireachta in Éirinn
  • 5 bliana ar a laghad de thaithí mhúinteoireachta in oideachas bunscoile
  • Cumas léirithe obair i dtimpeallacht ar líne
  • Taithí le tacaíocht a thabhairt, agus meantóireacht agus meastóireacht adhéanamh ar chleachtas gairmiúil
  • Scileanna idirphearsanta, cumarsáide agus eagrúcháin den scoth
  • Ardchaighdeán Gaeilge (Gaeilge labhartha & scríofa) agus an cumas gach gnéden ról seo a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, agus
  • Gealltanas 2-lá ar a laghad gach seachtain i míonna an tsocrúcháin (Deireadh Fómhair, Eanáir, Feabhra, Márta, Aibreán)

Tuilleadh Eolais Anseo