Folúntas: Bainisteoir Tionscadail – Acmhainní Tacaíochta Teanga do Thuismitheoirí

Mar 20, 2025

Folúntas 1

Post páirt-aimseartha – 3 lá sa tseachtain, ar chonradh bliain go leith

Tá Gaeloideachas ag lorg duine le sárscileanna bainistíochta atá in ann tionscadal nuálaíoch a stiúradh agus a chur i gcrích ar ardchaighdeán. Beidh tuiscint agus taithí ar acmhainní agus áiseanna sealbhaithe teanga do thuismitheoirí atá ag cabhrú lena gcuid páistí an Ghaeilge a chur chun cinn  ina chroíchritéir don ról seo.

Scála Tuarastail (Ardoifigeach Feidhmiúchán):

Ciorclán 06/2025 Aguisín 1A (€58,264-€73,378) ar bhonn pro rata trí lá sa tseachtain.

Iarratais:

An spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV ná meánlae, 4 Aibreán 2025 ar ríomhphost amháin, chuigfoluntais@gaeloideachas.ie. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta. 

Tá i gceist go reáchtáilfear na hagallaimh ar Aoine, 11 Aibreán dóibh siúd a éiríonn leo sa chéad chéim.

Is féidir teacht ar an sainchuntas poist móide an fhoirm iarratais thíos:

Lonnaíocht: 

Tá polasaí oibre hibrideach i bhfeidhm ag Gaeloideachas. Is í príomhoifig na heagraíochta ná Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, BÁC 9, le hoifig réigiúnda sna Forbacha i nGaillimh. Beidh an cur chuige lonnaíochta agus an lá/laethanta san oifig le n-aontú leis an Ardfheidhmeannach.

Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.