Folúntas: Léachtóir Os Cionn an Bhaic le hOideachas, Oideachas Luath-Óige as Gaeilge

Mar 13, 2023

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag fáiltiú roimh iarratais ar cheapachán ar chonradh sainchuspóra circa trí bliana mar Léachtóir le hOideachas sna Luathbhlianta ag díriú go sainiúil ar an earnáil lán-Ghaeilge. Ceann de phríomhaidhmeanna an phoist is ea go gcuirfí leis an teagasc agus an taighde san Oideachas agus sa Chúram Luath-Óige (ECEC) i suíomhanna lán-Ghaeilge mar chuid den iarracht ghinearálta pobail Ghaeilge a chothú. Beidh an post lonnaithe i Scoil an Oideachais in Ollscoil na Gaillimhe agus beidh ceangal aige le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil inniúlacht leibhéal C2 i nGaeilge scríofa agus labhartha ag teastáil don phost seo. Déanfar measúnú Gaeilge roimh agallamh chun an inniúlacht sin a mheas.  Féach ar an Greille Féinmheasúnaithe thíos.

I gcás fiosrúcháin neamhfhoirmiúla, déan teagmháil leis an Ollamh Gerry Mac Ruairc gerry.macruairc@oegaillimh.ie

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais 17:00 (Am na hÉireann) ar an Déardaoin, 6 Aibreán 2023. Ní fhéadfar breithniú a dhéanamh ar aon iarratas a gheofar tar éis an spriocdháta.

Beidh grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána le déanamh.

Beidh ceapacháin ag brath ar chead oibre a bheith bailí.

Tá tuilleadh sonraí le fáil ar www.dbei.ie

Chun tuilleadh eolais agus Foirm Iarratais a fháil, féach ar an láithreán gréasáin:

 http://www.nuigalway.ie/about-us/jobs/ Ba cheart iarratais a dhéanamh ar líne.

Tuilleadh eolais anseo: UofG Gaeilge Version Lecturer Irish Post 0000699880