Folúntas: Léachtóir san Oideachas le Saineolas ar Oideachas Matamaitice na Bunscoile

Jun 2, 2022

Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas, le saineolas ar oideachas matamaitice na bunscoile, a cheapadh ar bhonn buan lánaimseartha.

Tá Institiúid Oideachas Marino ag lorg ball dáimhe atá nuálach agus a bheidh páirteach, chun modúil a theagasc le dualgais ar leith le haghaidh réimse an oideachais mhatamaitice. Beidh ar an iarrthóir roinnt modúl a theagasc trí mheán na Gaeilge. Beidh dualgais ghinearálta ag an té a cheapfar i réimse an oideachais freisin. m.sh. maoirseacht ar mhic léinn atá ar shocrúchán, maoirseacht ar thaighde fochéime agus iarchéime, agus modúil atá taobh amuigh de réimse an oideachais mhatamaitice a theagasc.

Is tábhachtach an tréith é an tiomantas don fhoghlaim agus teagasc d’ardchaighdeán i dtimpeallacht mac léinn-lárnach. Tá sé inmhianaithe díograis le haghaidh timpeallacht ildisciplíneach a bheith ag an iarrthóir. Caithfidh an duine a cheapfar fianaise a léiriú dá dtiomantas láidir do bharr feabhais sa teagasc, taighde agus sa ghníomhaíocht leanúnach scolártha.

Déan iarratas le litir chlúdaigh agus CV amháin (ní chuirtear aon fhoirm iarratais speisialta ar fáil), tríd an ríomhphost más féidir chuig careers@mie.ie nó tríd an bpost chuig:

An Oifig Acmhainní Daonna
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9.

Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte faoi 5.00 i.n., An Mháirt, an 14 Meitheamh 2022. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh na sprice sin.

Tuilleadh Eolais: Oideachas na Matamaitice Cur Síos ar Phost